Cad is féimheacht ann?

Réamhrá

Séard is féimheacht ann ná glanadh fhiacha dhuine atá go hiomlán nó go páirteach neamhábalta a gcuid fiacha a aisíoc. Séard is cúis leis an bhféimheacht ná do shócmhainní a dháileadh go cóir i measc do chreidiúnaithe agus tú a chosaint ó na creidiúnaithe seo. Déantar an dáileadh trí oifigeach cúirte, an 'Sannaí Oifigiúil'.

Má tá deacrachtaí airgid tromchúiseacha agat, b'fhéidir go gcinnfidh tú gurb é dearbhú féimheachta an rogha is fearr duit. Mar sin féin, is féidir le dearbhú féimheachta a bheith ina rogha chostasach. Ní mholann an tSeirbhís Bhuiseádta agus Chomhairle Airgid (MABS) an chéim seo a ghlacadh ach amháin má tá machnamh cúramach déanta agat ar an roghanna ar fad atá ar fáil agus go bhfuil tú cinnte gurb í an fhéimheacht an rogha chuí duitse.

leabhrán eolais ar an bhféimheacht foilsithe ag MABS.

Tugann an tSeirbhís Chúirteanna cur síos mionsonraithe ar na gnásanna ar fad a bhaineann le féimheacht.

An féidir le duine eile mise a dhearbhú féimhithe?

Is féidir le creidiúnaí achainí ar fhéimheacht a dhéanamh i do choinne má tá gníomh féimheachta déanta agat laistigh den 3 mhí roimhe. Seo a leanas samplaí de ghníomhartha féimheachta:

  • Má theipeann ort cloí le toghairm féimheachta ag lorg íocaíochta de shuim ar leith atá dlite, laistigh de 14 lá ó sheirbheáil na toghairme ort
  • Má dhéanann an sirriam nó an cláraitheoir contae dearbhú nach bhfuarthas aon earraí i do leith.

Cén roghanna atá ann?

Is féidir leat iarracht a dhéanamh féimheacht a sheachaint trí shocrú deonach a dhéanamh, más féidir, le do chreidiúnaithe chun d'fhiacha a ghlanadh. Molann MABS duit iarracht a dhéanamh socrú inacmhainne agus inbhuanaithe a idirbheartú le do chreidiúnaithe roimh mhachnamh a dhéanamh ar fhéimheacht.

De rogha air sin, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar shocrú faoi choimirce na hArd-Chúirte. Ciallaíonn sé seo go n-iarrann tú ar an Ard-Chúirt tú a cosaint i gcoinne imeachtaí chun am a thabhairt duit tairiscint a thabhairt dod' chreidiúnaithe.

D'fhéadfadh an tairiscint a bheith ann díbhinn ar d'fhiacha (céatadán de ghnáth) a íoc leo. Rogha eile a bheadh ann ná maoin a aistriú chuig an Sannaí Oifigiúil le díol agus na fáltais a dháileadh i measc do chreidiúnaithe.

Chun go n-éireodh le tairiscint dá leithéid, ní mór tacaíocht a fháil ó thromlach sainithe na gcreidiúnaithe neamhurraithe atá ag vótáil air. (Níl aon urrús ag creidiúnaí neamhurraithe. Samplaí is ea creidiúnaithe trádála agus sealbhóirí fhiacha ghnó eile.)

Ní mór costais, táillí cúirt, agus fiacha chuig creidiúnaithe tosaíochta a íoc go hiomlán freisin. (Creidiúnaí tosaíochta is ea creidiúnaí a bhfuil tosaíocht ag a f(h)iacha d'íocaíocht roimh creidiúnaithe eile. Áiríonn na fiacha seo cánacha, rátaí agus éilimh agus leasa fostaithe áirithe.)

Cad a tharlaíonn nuair a fhógraítear féimhithe thú?

Aistrítear do shócmhainní ar fad, ach amháin nithe riachtanacha le luach suas go €3,100, chuig an Sannaí Oifigiúil, a dhíolfaidh iad. Nuair a dhíolfar do mhaoin, íocfaidh an Sannaí Oifigiúil costais, táillí agus fiacha tosaíochta áirithe (ar nós cánacha) agus dáilfidh sé/sí an fuíollach i measc na gcreidiúnaithe.

Ní mór duit €650 tosaigh a lóisteáil i dtreo chostais an tSannaí Oifigiúil agus i dtreo chostais na cúirte agus na fógraíochta. Cé nach n-aistrítear sa ghnáthchúrsa ach na sócmhainní atá agat nuair a déantar féimhithe tú chuig an Sannaí Oifigiúil, is féidir leis an Sannaí Oifigiúil sócmhainní a fhaigheann tú i ndiaidh an dáta sin (mar shampla, trí oidhreacht) a éileamh agus a dhíol chun leasa do chreidiúnaithe.

Má tá áit chónaithe teaghlaigh i do sheilbh, agat féin nó le duine eile, ní féidir leis an Sannaí Oifigiúil í a dhíol ach le cead ón gcúirt roimh ré. Nuair a lorgaítear an cead seo, déanfaidh an chúirt leasa do chreidiúnaithe a mheá i gcoinne leasa do theaghlaigh agus b'fhéidir go gcinnfidh sé díol d'áit chónaithe a chur ar athló.

Má tá comhsheilbh agat ar mhaoin (mar shampla, le do chéile) déanfaidh d'fhéimheacht an chomh-úinéireacht a roinnt idir an Sannaí Oifigiúil agus do chomh-úinéir neamh-fhéimhithe. Tá tú i dteideal na nithe seo a leanas a choinneáil mar 'nithe eisiata' ó fhéimheacht go luach €3,100 (cé gur féidir leat iarratas a dhéanamh leis an gcúirt an tsuim sin a ardú):

  • Éadaí
  • Troscán agus uirlisí nó treallamh a bhaineann le ceird
  • Nithe riachtanacha dod' theaghlach agus gaolta cleithiúnacha ar bith atá ina gcónaí leat

Is féidir leis an gcúirt do thuarastal agus/nó pinsean a úsáid chun leasa do chreidiúnaithe, faoi réir socrúchán ar bith a dhéanfaidh sé chun soláthar a dhéanamh dod' dhualgais teaghlaigh agus do chúinsí pearsanta.

Ní dhéanfar asbhaint ar bith ó íocaíochtaí leasa shóisialaigh.

Srianta ar dhaoine atá féimhithe

Ón uair a dhearbhaítear féimhithe tú, beidh tú ciontach as más rud é:

  • Nach nochtaíonn tú an fhéimheacht agus iasacht nó áis creidmheasa ar bith eile de €650 nó níos mó á fháil agat
  • Agus tú ag trádáil in ainm seachas an t-ainm inar rinneadh féimhithe tú, nach nochtaíonn tú an fhéimheacht
  • Feidhmíonn tú mar stiúrthóir, bainisteoir, iniúchóir, leachtaitheoir nó glacadóir ar chomhlacht gan cead na cúirte

Tá pionós uasta ag na cionta seo de 5 bliana sa phríosún agus fíneáil €1,270.

Torthaí eile ar an bhféimheacht is ea:

  • Féadfaidh an Sannaí Oifigiúil sócmhainní a fuair tú i ndiaidh an dáta ar a rinneadh féimhithe tú, ar nós bronntanais nó oidhreachta, a éileamh
  • Más mian leat taisteal thar lear, ba chóir duit a rá leis an Sannaí Oifigiúil. Is féidir tú a ghabháil má fheictear don Ard-Chúirt go bhfuil an Stát a fhágáil agat chun iarmhairtí d'fhéimheachta a sheachaint
  • Má tá cumhacht aturnae ghinearálta agat ar son duine eile, déantar í a aisghairm sa ghnáthchúrsa má éiríonn tú féimhithe
  • Mar fhéimheach, ní féidir leata bheith i seilbh oifige ionadaíoch tofa. Áiríonn sé seo údaráis áitiúla, an Dáil agus an Seanad

Scaoileadh ón bhféimheacht

Má tá do shócmhainní díolta agus má tá do chostais, táillí agus fiacha tosaíochta ar fad (ar nós fiacha cánach áirithe) íoctha, is féidir tú a scaoileadh ón bhféimheacht i ndiaidh 12 bhliain gan d'fhiacha ar fad a bheith íoctha.

Is féidir tú a scaoileadh ón bhféimheacht ar bhealach ar bith díobh seo a leanas:

  • Má tá do chreidiúnaithe ar fad íoctha go hiomlán
  • Má thugann do chreidiúnaithe neamhurraithe ar fad a gcead
  • I ndiaidh duit socrúchán a aontú agus a íoc le 60% ar a laghad de do chreidiúnaithe neamhurraithe
  • I ndiaidh íocaíocht 50 cent sa euro nuair atá do mhaoin ar fad díolta
  • Má rud é, i ndiaidh 12 bhliain, go bhfuil do mhaoin díolta agus go measann an chúirt go bhfuil sé réasúnta go scaoilfí ón bhféimheacht tú.

Nuair a scaoiltear ón bhféimheacht thú, tugtar airgead nó maoin ar bith atá fágtha ar ais duit.

Rataí

Féadfaidh féimheacht a bheith costasach. Tógtar imeachtaí san Ard-Chúirt agus de ghnáth beidh aturnaetha agus abhcóidí páirteach.

Má tá iarratas á dhéanamh agat a bheith fógartha féimhithe, ní mór duit €650 tosaigh a lóisteáil i dtreo chostais an tSannaí Oifigiúil agus i dtreo chostais na cúirte agus na fógraíochta.

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir leat iarratas a dhéanamh chuig Oifig an Scrúdaitheora den Ard-Chúirt tú féin nó is féidir le creidiúnaí iarratas a dhéanamh leis an gcúirt tú a fhógairt féimhithe. Ní féidir imeachtaí féimheachta a thógáil ach san Ard-Chúirt amháin.

Más mian leat a bheith scaoilte ón bhféimheacht, déanann tú iarratas chuig Oifig an Scrúdaitheora freisin.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Oifig an Scrúdaitheora

An Ard-Chúirt

Urlár 2

15/24 Sráid an Fhionnuisce Thuaidh

Margadh na Feirme

Baile Átha Cliath 7.

Teil: +353 (0)1 888 6298

Facs: +353 (0)1 888 5260

Láithreán Gréasáin: www.courts.ie

R-phost: examinersmail@courts.ie

Aimsigh an oifig MABS is cóngaraí duit nó glaoigh ar an líne chabhrach ag Íosghlao 1890 283 438 (9am - 8pm, Luan - Aoine) nó seol ríomhphoist chuig: helpline@mabs.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 30/08/2010

Féach ar an suíomh

Teagmháil

Téigh i dteagmháil leis an Seirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (MABS) trí 0761 07 2000 (Luan go hAoine, 9rn go 8in). Téigh i dteagmháil leis an Seirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh trí 0761 07 4000 (Luan go hAoine, 9rn go 9in).

Back To TopAr ais go barr an leathanaigh