Socrú ina bhfuil cónaí ort agus ar do thiarna talún sa chóiríocht chéanna
Eolas
Tá reachtaíocht ann do thiarnaí talún agus do thionóntaí ach ní chumhdaíonn an reachtaíocht sin tionóntaí in Éirinn a chónaíonn sa chóiríocht chéanna le tiarnaí talún. Is beag tionónta a bhfuil an t-eolas sin aige agus mar sin tá sé mar aidhm ag an gcáipéis seo na difríochtaí a leagan amach idir an socrú cónaithe seo agus cineálacha eile cóiríochta a ligtear ar cíos.
Má chónaíonn tú i dteach do thiarna talún, níl comhaontú tionóntachta caighdeánach agat. Tá tionóntaí i dteideal cosaint a fháil faoin Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004, ach i ndáiríre ní féidir leat leas a bhaint as an saghas sin cosanta. In áit sin, tá 'Comhaontú Ceadúnaí' agat le do thiarna talún. Ciallaíonn sé sin go bhfuil tú sa mhaoin le toil agus cuireadh an tiarna talún. Is ionann an cás má tá cónaí ort le céile, páiste nó tuismitheoir tiarna talún agus nuair nach bhfuil comhaontú tionóntachta nó léas scríofa agat. Toisc nach gcumhdaíonn an reachtaíocht tionóntachta reatha do thionóntacht, ba chóir an méid seo a leanas a bheith ar eolas agat:
- Níl aon dualgas ar do thiarna talún leabhar cíosa nó ráiteas den chíos a íoctar a sholáthar duit.
- Níl dualgas orthu a chinntiú go sásaíonn do chóiríocht aon íoschaighdeáin fhisiciúla.
- Braitheann fad aon fhógra foirceannta a d'fhéadfá a fháil ar an tiarna talún féin (cé nach mór do thiarna talún fógra réasúnta a thabhairt, d'fhéadfadh éagsúlacht a bheith ann ó thaobh sonraí an fhógra )
- Níl dualgas ar do thiarna talún clárú leis an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha (BTCP)
- Má tharlaíonn díospóid idir tusa agus do thiarna talún, ní féidir leat leas a bhaint as an seirbhís réiteach díospóide atá ag an mBord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha (BTCP)
- Ní chosnaíonn an tAcht um Stádas Comhionann 2000-2008 tú. San acht sin toirmisctear idirdhealú ar fhorais aoise, gnéis, creidimh, cine agus míchumais.
Má tá cónaí ort sa chóiríocht chéanna le do thiarna talún agus má tá tú míshásta leis an mbealach ina gcaitear leat, ba chóir duit an cás a phlé leis agus iarracht a dhéanamh teacht ar réiteach aon fhadhbanna idir an bheirt agaibh.
Is féidir comhairle a lorg ó Threshold chomh maith. Eagraíocht charthanachta is ea Threshold a sholáthraíonn eolas ar chearta tithíochta in Éirinn. Tá seirbhís comhairle agus idirghabhála saor in aisce acu chomh maith. D'fhéadfadh an tseirbhís sin a bheith cuideachtúil chun saincheisteanna a réiteach idir tiarnaí talún agus tionóntaí.
Más rud é go bhfuil leas bainte agat as na roghanna seo ar fad, féadann tú do chás a thabhairt os comhair Cúirt na nÉileamh Beag. Seo an t-aon fhíorbheart dlíthiúil atá agat mar thionónta atá ina chónaí sa chóiríocht chéanna le do thiarna talún. Ba chóir dul i dteagmháil le Cláraitheoir na nÉileamh Beag ag Oifig na Cúirte Dúiche is gaire duit chun sonraí do cháis a phlé agus léireofar duit an bhfuil do chás faoi shainchúram Chúirt na nÉileamh Beag.
I measc na ngnáthghearán a éisteann Cúirt na nÉileamh Beag tá:
- Díospóidí faoi éarlais tionónta a choinneáil siar nuair a fheictear don tionónta nach bhfuil údar maith leis
- Díospóidí faoi fhad an fhógra a tugadh duit nuair atá foirceann tionóntachta i gceist
- Díospóidí faoi asbhaintí ón chíos de bharr damáiste a rinneadh don mhaoin atá thar an 'ngnáthchaitheamh agus gnáthchuimilt'.
Bunrialacha a réiteach roimh ré
Is fiú roinnt bunrialacha a leagan síos le do thiarna talún sula ndéanann tú an cinneadh bogadh isteach. Ba chóir na rialacha sin a chur i scríbhinn agus ba chóir duit agus don tiarna talún iad a shíniú. Féadann ceachtar agaibh cóip a choimeád agus féadtar breathnú ar an gcáipéis sin má tharlaíonn díospóid. Féach thíos i gcomhair roinnt ceisteanna gurbh fhiú a chur san áireamh agus an cháipéis seo á hullmhú:
- Cá fhad a mairfidh an tionóntacht?
- Fad an fhógra a thabharfaidh tusa nó do thiarna talún más mian le duine agaibh an tionóntachta a fhoirceannadh?
- Cé mhéad airgid a bheidh á íoc agat mar chíos agus cé chomh minic (mar shampla, seachtainiúil, míosúil)?
- Conas a íocfar an cíos seo (airgead tirim, seic, buanordú srl.)?
- Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an gcíos agus fad an fhógra den athbhreithniú cíosa a thabharfaidh an tiarna talún duit ?
- Conas a dhéanfar na billí fóntais (leictreachas, gás, guthán) a roinnt idir an tiarna talún agus an tionónta?
- Ar mhaith leis an tiarna talún go gcuirfeá le muirir seirbhísí, ar nós muirear uisce agus bruscair?
- An bhfuil cead agat cuairteoirí a choimeád thar oíche?
- An bhfuil aon teorainn maidir le leibhéil torainn?
Rialacha
An Chúirt Dúiche a chuireann nós imeachta na nÉileamh Beag i bhfeidhm. Tuilleadh eolais ar conas iarratas a dhéanamh chuig Cúirt na nÉileamh Beag.
Rataí
An táille reatha chun éileamh a dhéanamh i gCúirt na nÉileamh Beag ná €15. Tá seirbhísí comhairle agus idirghabhála Threshold saor in aisce.
Conas iarratas a dhéanamh
Tá foirmeacha iarratais do Chúirt na nÉileamh Beag ar fáil ar líne nó ó oifig na Cúirte Dúiche is gaire duit. Más rud é go bhfuil cabhair uait chun an fhoirm a chomhlánú, téigh i dteagmháil le d'oifig Cúirte Dúiche agus cabhróidh ball foirne leat.
I gcomhair tuilleadh eolais ar sheirbhísí comhairle agus idirghabhála Threshold, níor mhiste teagmháil dhíreach a dhéanamh le Threshold.
Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas
Threshold
Féach ar an suíomh
Teagmháil
Téigh i dteagmháil leis an Seirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (MABS) trí 0761 07 2000 (Luan go hAoine, 9rn go 8in). Téigh i dteagmháil leis an Seirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh trí 0761 07 4000 (Luan go hAoine, 9rn go 9in).



