Contact us
You can contact the Money Advice and Budgeting Service (MABS) on 0761 07 2000 (Monday to Friday, 9am to 8pm) and the Citizens Information Phone Service on 0761 07 4000 (Monday to Friday, 9am to 9pm)
Fiacha sonracha mar leictreachas, gás, cánacha, muirir dhramhaíola, ceadúnais teilifíse
Eolas
Tá rialacha agus cleachtais shonracha i bhfeidhm maidir le fiacha áirithe. Den chuid is mó is fiacha iad seo atá dlite don Stát nó do chomhlacht Stáit a eascraíonn as muirir agus srathuithe reachtúla, fiacha do sholáthróirí seirbhísí riachtanacha ar nós comhlachtaí fóntais agus fiacha a eascraíonn as oibleagáidí reachtúla, cosúil leis an oibleagáid cothabháil a íoc le céilí agus leanaí. Baineann rialacha agus cleachtais shonracha leis na nithe seo a leanas:
- Cánacha
- Ró-íocaíochtaí leasa shóisialaigh
- Cíosanna údaráis áitiúla
- Iasachtaí tithíochta údaráis áitiúla
- Muirir dhramhaíola
- Fóntais
- Ceadúnais teilifíse
- Muirear ar áit chónaithe phríobháideach neamhphríomha (dara baile)
- Ceadúnais mhadraí
Cánacha
Go ginearálta, táthar ag súil go n-íocfaidh tú do chánacha in am agus ina n-iomláine. Má theipeann ort é seo a dhéanamh, tá raon roghanna ag na Coimisinéirí Ioncaim maidir le bailiú na cánach atá dlite.
Ionchúiseamh
Má theipeann ort do cháin a íoc in am, is féidir thú a ionchúiseamh agus a chiontú i gcion. D'fhéadfadh fíneáil agus/nó príosúnacht a bheith mar thoradh air seo. D'fhéadfadh leibhéal na bhfíneálacha agus fad na príosúnachta a athrú i gcomhréir le tromchúis na gcionta éagsúla faoin dlí ioncaim. Beag beann ar thoradh an ionchúisimh, beidh ort an ganníocaíocht a aisíoc fós.
Conas a bhailíonn na Coimisinéirí Ioncaim cánacha atá thar téarma
Is iad seo na príomhbhealaí a mbailíonn na Coimisinéirí Ioncaim cánacha atá thar téarma ó dhaoine aonair:
- Socruithe íocaíochta de réir a chéile le nó gan uas a fheidhmiú
- Bailiúchán ag an Sirriam - is é seo an modh is mó a úsáidtear
- Gníomhaíocht Cúirte
- Fiach a cheangal
D’fhéadfadh glacadóireacht nó leachtú a úsáid freisin i gcás comhlachtaí.
Socruithe íocaíochta de réir a chéile
Má tá airgead dlite agat do na Coimisinéirí Ioncaim le haghaidh cánacha neamhíoctha, d'fhéadfá a bheith in ann socrú aisíoca a aontú. Mar sin féin, i gcoitinne, bíonn ús le híoc ar chánacha déanacha ar bith agus mar sin caithfidh tú é seo a íoc chomh maith. I roinnt cásanna, d'fhéadfadh pionóis a fheidhmiú freisin.
Má tá tú ag íoc cháin ioncaim trí ÍMAT agus gearríocann tú in aon bhliain ar leith, d'fhéadfá a bheith in ann an méid atá dlite a íoc trí do chreidmheasanna cánach sa bhliain ina dhiaidh sin a laghdú. Go ginearálta, ní chuirtear ús ar an íocaíocht sna cásanna áirithe seo.
I gcásanna eile nach bhfuil do cháin íoctha agat nó má tá sí gearríoctha, d'fhéadfá a bheith in ann socrú íocaíochta de réir a chéile a aontú. Go ginearálta baineann íocaíocht úis leis seo chomh maith leis an méid atá dlite.
Bailiúchán ag Sirriam
Má fhaigheann tú éileamh deiridh ó na Coimisinéirí Ioncaim le haghaidh cánacha dlite a íoc agus mura bhfreagraíonn tú, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim do chás a tharchur chuig an Sirriam maidir le forfheidhmiú. Ní gá go mbeadh ordú cúirte. Tá 16 Sirriam ceaptha ag an Aire Dlí agus Cirt agus Athchóirithe Dlí chun bailiúchán fiacha a chur i gcrích do na Coimisinéirí Ioncaim.
Tugtar barántas, cáipéis dlíthiúil, don Sirriam a thugann údarás don Sirriam bailiúchán dliteanas na gCoimisinéirí Ioncaim a fhorfheidhmiú, más gá, trí earraí a ghabháil. Tá barántas bailí ar feadh 12 mhí. Mar sin féin, má theipeann ar an Sirriam aon chuid den dliteanas a bhailiú laistigh de 6 mhí, ní mór an deimhniú a chur ar ais chuig na Coimisinéirí Ioncaim. Tá an t-údarás ag an Sirriam idirbheartaíocht íocaíochta a shocrú leat, nach mairfidh níos mó ná dhá bhliain.
Nuair a chuirtear do chás chuig an Sirriam, ní mór duit ansin déileáil leis. Ní féidir leat déileáil le hoifigigh na gCoimisinéirí Ioncaim de bharr go bhfuil sé seo mar chuid de chomhaontú na gCoimisinéirí Ioncaim leis na Sirriamaí. Is oifigigh na gcúirteanna iad Sirriamaí na gCoimisinéirí Ioncaim agus tá siad freagrach do na cúirteanna. Tá Cód Cleachtais le haghaidh Sirriamaí na gCoimisinéirí Ioncaim (pdf).
Íoctar Sirriamaí na gCoimisinéirí Ioncaim ar an mbealach céanna le sirriamaí eile.
Caingean cúirte
Tá conarthaí ag na Coimisinéirí Ioncaim le sé ghnólachta d'aturnaetha chun cabhrú leo fiacha na gCoimisinéirí Ioncaim a fhorfheidhmiú. Tá siad páirteach i gcásanna a thógáil trí na cúirteanna ar an ngnáthbhealach. Má tá orduithe breithiúnais arna ndeonú ag na cúirteanna, cuirtear na horduithe seo i bhfeidhm ar an ngnáthbhealach.
Fiach a cheangal
Tá cumhachtaí sonracha ag na Coimisinéirí Ioncaim maidir le fiach a cheangal gur féidir a fheidhmiú gan ordú cúirte.
Ró-íocaíochtaí leasa shóisialaigh
Má fuair tú airgead ón Roinn Coimirce Sóisialaí nár chóir duit a fháil, tá tú faoi oibleagáid dhlíthiúil é a aisíoc. Is é seo an cás cibé an dtarlaíonn an ró-íocaíocht de bharr calaoise, botún agat nó botún ag an Roinn.
Léigh tuilleadh faoi conas a ndéileálann an Roinn le ró-íocaíochtaí leasa shóisialaigh..
Riaráiste chíos údaráis áitiúla
Má tá tú ag titim chun deiridh le do chíos údaráis áitiúla, ní mór don údarás áitiúil an cód cleachtais a leanúint chun déileáil le riaráistí (pdf).
D'fhéadfadh roinnt scéimeanna chíos údaráis áitiúla laghdú cíosa i gcásanna cruatain a cheadú.
Iarmhairtí a bhaineann le loiceadh ar chíos a íoc
Má theipeann ort do chuid cíosa a íoc, is féidir na hiarmhairtí dlíthiúla a chuimsiú:
- Ús ag ráta de 6% a ghearradh ort ar na riaráistí fad is a bhfanann siad neamhíoctha
- Fógra fágála, agus do theach a athshealbhú ina dhiaidh sin
- Neamhcháilitheacht ar thacaíocht tithíochta sóisialta amach anseo
Léigh níos mó faoi conas a ndéileáileann údaráis áitiúla le riaráistí cíosa.
Riaráistí iasacht údaráis áitiúla
Má tá iasacht agat ó údarás áitiúil chun do theach a cheannach nó a fheabhsú agus má tá deacracht agat do chuid aisíocaíochtaí a dhéanamh, d'fhéadfá a bheith in ann socrú a dhéanamh leis an údarás áitiúil. Sa bhliain 2010, d’eisigh an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil treoir d’údaráis áitiúla maidir le conas déileáil le riaráistí morgáiste. Bunaíodh an treoirleabhar seo ar chód iompraíochta an Rialtóra Airgeadais do bhainc agus do chumainn fhoirgníochta (pdf).
Iarmhairtí a bhaineann le loiceadh ar riaráistí iasachta a íoc
Má theipeann ort do riaráistí a íoc, is féidir leis na hiarmhairtí dlíthiúla a chuimsiú:
- Ús ag ráta de 6% a ghearradh ort ar na riaráistí fad is go bhfanfaidh siad neamhíoctha
- D’áit chónaithe a athshealbhú
- Neamhcháilitheacht ar thacaíocht tithíochta sóisialta amach
Léigh níos mó faoi iasachtaí agus riaráistí údaráis áitiúla.
Muirir dhramhaíola
Murar íoc tú an muirear gearrtha ag d'údarás áitiúil chun dramhaíl a bhailiú laistigh de dhá mhí ón dáta dlite, féadfaidh an t-údarás áitiúil imeachtaí cúirte a thógáil i do choinne an íocaíocht a dhéanamh mar fhiach conartha shimplí. Ní cion é má theiptear ar íoc.
Má tá conradh agat le gníomhaireacht bhailiúchán dramhaíola príobháideacha, is fiach conartha shimplí é fiach dlite ar bith.
D'fhéadfá a bheith incháilithe le haghaidh tarscaoileadh na muirir dramhaíola.
Cóid fhóntais: leaictreachs, gás
Is gá do sholáthraithe leictreachais agus gáis ag a rialtóir, an Coimisiún um Rialáil Fuinnimh, cóid chleachtais a bheith acu chun déileáil le custaiméirí a bhfuil deacrachtaí acu a gcuid billí a íoc agus a thógann riaráistí íocaíochtaí.
Clúdaíonnn a cóid seo a leanas na cuideachtaí fóntais a sholáthríonn custaiméirí cónaitheacha:
- ESB Electric Ireland: Cód Cleachtais maidir le billí agus íocaíochtaí
- Airtricity: Cairt do Chustaiméirí, Billeáil
- Bord Gáis Energy: Cóid do chustaiméirí
- Flogas Natural Gas: Cód cleachtais ar bhillí a íoc
Má tá deacracht agat, nó ar dóigh deacracht a bheith agat, ag íoc do chuid billí fóntais, tá sé an-tábhachtach teagmháil a dhéanamh le do sholáthraí chomh luath agus is féidir. Is féidir leis na roghanna seo a leanas a bheith curtha i bhfeidhm ag do sholáthraí; plean buiséad a bhunú, ag scaipeadh bhur n-íocaíochtaí ar fud na bliana, méadar réamh-íoctha a shuiteáil nó úsáid a bhaint as cárta réamh-íoctha.
Tá cóid iompair nó cairteacha ag comhlachtaí eile a sholáthraíonn custaiméirí tionsclaíocha agus tráchtála chomh maith.
Ceadúnais teilifíse
Tá táillí cheadúnas teilifíse iníoctha le ‘An Post’. (Is féidir leis an Aire Fuinnimh, Cumarsáide agus Acmhainní Nádúrtha comhlacht eile a ainmniú mar an 'gníomhaire eisiúna' ach faoi láthair is An Post é.)
Nós imeachta
Má mheasann An Post nach bhfuil ceadúnas teilifíse agat nuair a chaithfidh tú ceann a bheith agat, féadfaidh sé fógra cuimhniúcháin a sheoladh chugat. Is féidir é seo a sheachadadh go pearsanta nó a sheoladh tríd an bpost. Tugann sé seo 28 lá duit le híoc. Más rud é, tar éis dhá fógra den tsórt sin, nach n-íocann tú an táille ceadúnais, féadfaidh An Post fógra íocaíochta socraithe a sheirbheáil duit. Tá sé seo cosúil le táillí íocaíochta socraithe le haghaidh chionta tiomána áirithe.
Anois tá 21 lá agat do cheadúnas teilifíse a cheannach agus an táille seasta a íoc. Tá an táille seasta socraithe ag aon trian den táille ceadúnais. Faoi láthair, is €53 an táille.
Mura gceannaíonn tú do cheadúnas teilifíse agus má íocann tú an táille seasta, féadfaidh thú a ionchúiseamh sa Chúirt Dúiche.
Is féidir leis An Post breithiúnas chun íocaíochtaí neamhíoctha a lorg mar fhiach conartha shimplí.
Ionchúiseamh
Is cion é gan cheadúnas teilifíse a bheith agat má tá teilifíseán agat. Is é uasmhéid na fíneála don chéad chiontú €1,000 agus €2,000 don dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin.
Muirear um Áit Chónaithe Phríobháideach Neamhphríomha (dara baile)
Tá an muirear um Áit Chónaithe Phríobháideach Neamhphríomha iníoctha ar dara áit chónaithe ar bith atá i do sheilbh.
Má theipeann ort an muirear a íoc in am tá tú faoi réir táille dhéanach a íoc de €20 in aghaidh na míosa. Féadfaidh an t-údarás áitiúil dul chun na cúirte chun breithiúnas a fháil ar an méid mar fhiach conartha shimplí.
Fanann aon táillí neamhíoctha nó táillí íocaíocht déanacha mar mhuirear ar an maoin agus tá siad iníoctha má dhíoltar an mhaoin nó má thugfar ar aghaidh ina hoidhreacht í.
Ionchúiseamh
Is cion é má theiptear an muirear a íoc. Má chiontaítear tú, féadfaidh fíneáil suas le €2,000 a ghearradh ort agus, ina dhiaidh sin, is féidir finéal de €100 a ghearradh ort in aghaidh an lae do gach lá a fhanann an muirear neamhíoctha fós.
Ceadúnais mhadraí
Má tá madra agat atá níos mó ná ceithre mhí d'aois, ní mór duit ceadúnas madra a bheith agat dó. Más rud é nach bhfuil ceadúnas agat do do mhadra, tá tú faoi dhliteanas fíneáil 'ar an láthair' €30 a fháil. Mura n-íocann tú an fhíneáil seo is féidir thú a ionchúiseamh, le fíneáil uasmhéide de €1,269.74 agus/nó suas le trí mhí i bpríosún má chiontaítear thú.
Féadfaidh an fiach a bhailiú mar fhiach conartha shimplí.
An tAcht um Fhíneálacha 2010
Tugann an tAcht um Fhíneálacha 2010 isteach roinnt gnéithe nua ar an gcaoi a mbailíonn na Cúirteanna fíneálacha, lena n-áirítear an fhéidearthacht fíneáil a íoc i dtráthchodanna nó go mbeadh fíneáil cóireáilte agus curtha i bhfeidhm mar fhiach síbhialta. Cuimsíonn an tAcht foráil freisin le haghaidh breitheamh ordú a thabhairt do dhuine éigin seirbhís phobail a dhéanamh seachas am a chaitheamh sa phríosún i leith neamhíoc fhíneáil na Cúirte. Níl na forálacha den Acht um Fhíneálacha 2010 i bhfeidhm go fóill.



