Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid

Comhlíonann an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh na rialacháin Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid (Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid) 2005 (IR 279 de 2005)) agus spreagamid athúsáid na faisnéise a soláthraímid. Tá na rialacháin ar fáil ag www.psi.gov.ie.

Is féidir an fhaisnéis agus na doiciméid a fuarthas as www.keepingyourhome.ie a atáirgeadh agus/nó a athúsáid saor ó tháille, faoi réir an cheadúnais is déanaí ag www.psi.gov.ie. Léigh, le do thoil, an séanadh maidir le faisnéis ar fáil ar an láithreán seo.

Chun ceist a chur faoi athúsáid faisnéise cothabháilte ag an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh seol r-phost, le do thoil, chuig psi@ciboard.ie.

Chun an lámhleabhar um Shaoráil Faisnéise an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh a fháil, féach, le do thoil, láithreán an Bhoird um Fhaisnéis do Shaoránaigh, www.citizensinformationboard.ie.

Ní leathnaíonn cead maidir le faisnéis ó www.keepingyourhome.ie a athfhoilsiú go dtí aon ábhar ar an láithreán seo a d'fhéadfadh a bheith i seilbh tríu páirtí. Caithfear údarú chun ábhar mar seo a athfhoilsiú a fháil ó shealbhóirí an chóipchirt.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 15/4/2008

Féach ar an suíomh

Teagmháil

Téigh i dteagmháil leis an Seirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (MABS) trí 0761 07 2000 (Luan go hAoine, 9rn go 8in). Téigh i dteagmháil leis an Seirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh trí 0761 07 4000 (Luan go hAoine, 9rn go 9in).

Back To TopAr ais go barr an leathanaigh