Forlíonadh Cíosa

Eolas

Íoctar Forlíonadh Cíosa le daoine atá ina gcónaí i gcóiríocht chónaitheach phríobháideach agus nach féidir leo íoc as costas a gcoiríochta féin óna n-acmhainní fein. Go ginearálta, mura bhfuil agat ach íocaíocht leasa shóisialaigh nó Feidhmeannachta na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus má chomhlíonann tú na coinníollacha eile, beidh tú incháilithe don fhorlíonadh cíosa - féach 'Rialacha' thíos.

Faoi choinníollacha áirithe is féidir leat cáiliú le haghaidh na híocaíochta seo má tá tú dífhostaithe nó má tá d'ioncam ó fhostaíocht laghdaithe agus ní thagann leat an cíos a d'íoc tú roimhe seo a íoc anois.

Ríomhfaidh Oifigeach Leasa Pobail an FSS méid an fhorlíonta cíosa agus go ginearálta cinnteoidh sé nach dtitfidh d'ioncam faoi bhun íosleibhéal tar éis duit an cíos a íoc.

Rialacha

Ní bheidh an Forlíonadh Cíosa soláthartha ach amháin má tá an chóiríocht oiriúnach do do riachtanais, má tá an cíos faoi bhun an uasleibhéil cíosa a socraíodh do do chontae.

Is féidir leat a bheith i dteideal Forlíonta Cíosa má tá tú i do chónaí ar feadh 6 mhí (183 lá) den 12 mhí a chuaigh thart in aon, nó le meascán, mar a leanas:

  • Cóiríocht le haghaidh daoine gan dídean
  • Cóiríocht phríobháideach ar cíos: Caithfidh tú bheith ábalta a thaispeáint gurbh fhéidir leat an cíos a íoc ag tosach do thionóntachta agus go leanfá an cíos a íoc ach amháin mar gheall ar do chúinsí athraithe a tharlóidh i ndiaidh tosach do thionóntachta
  • Institiúid, mar shampla, ospidéil, teach chúraim nó áit choinneála

  • Má measadh tú ag údarás áitiúil sa 12 mhí a chuaigh thart mar duine incháilithe le haghaidh agus i ndíth tithíochta shóisialaigh. Mura bhfuil measúnú riachtanais tithíochta agat, caithfidh tú dul go dtí an t-údarás áitiúil chun do chuid riachtanais tithíochta á mheasúnú. Ní mór don údarás áitiúil bheith sa cheantar cheana inar mhaith leat bheith i do chónaí agus iarratas ar Fhorlíonadh Cíosa á dhéanamh. Ní féidir leat iarratas a dhéanamh ar Forlíonadh Cíosa ach amháin nuair tá tú measúnaithe i ndíth tithíochta. Fad a dhéanann an t-údarás áitiúil measúnú riachtanais tithíochta ní bheidh Forlíonadh Cíos iníoctha.

Caithfidh tú freisin:

Ní bheidh tú incháilithe le haghaidh Forlíonta Cíosa má tá tú:

  • Fostaithe go lánaimseartha. Ach más é an measúnú a dhéantar ort go bhfuil gá agat le cóiríocht tí faoin Scéim um Chóiríocht ar Cíos agus má tá tú gan fhostaíocht lánaimseartha le 12 mí nó níos mó, b'fhéidir go mbeidh tú i dteideal an Fhordheontais. (Féach 'Fostaíocht agus Fordheontas Cíosa' anseo thíos.)
  • Má tá an dara tairiscint ar chóiríocht údaráis áitiúil diúltaithe agat le linn tréimhse 12 mhí. Sa chás seo, ní bheidh tú incháilithe le Forlíonadh Cíosa a éileamh ar feadh 12 mhí.
  • Má tá tú ag fágáil tithíocht údaráis áitiúil gan cúis réasúnta.
  • Má tá tú ag freastal ar oideachas go lánaimseartha. Ach má tá tú ag fáil an Liúntais um Filleadh ar an Oideachas ná ag glacadh páirte sa Chlár um Filleadh ar Oideachas b'fhéidir go mbeidh teideal agat ar an bhFordheontas.

Forlíonadh Cíosa agus Fostaíocht

bheidh tú incháilithe don Fhorlíonadh Cíosa má tá tú fostaithe go lánaimseartha. Is é sin, fostaithe ar feadh 30 uair a chloig sa tseachtain nó níos mó. (I gcás lánúnacha, má tá duine de lánúin fostaithe go lánaimseartha beidh an bheirt acu eisiata maidir le forlíonadh cíosa a éileamh).

Ó 5 Meitheamh 2007, má ghlacann d'údarás tithíochta áitiúil leis go bhfuil cóiríocht de dhíth ort faoin Scéim Chóiríochta Cíosa agus má bhí tú dífhostaithe nó gan a bheith i bhfostaíocht lánaimseartha go ceann ar a laghad 12 mhí sula dtosaíonn tú ag obair b'fhéidir go mbeifeá i dteideal Forlíonadh Cíosa a choinneáil. B'fhéidir go mbeifeá i dteideal Forlíonadh Cíosa a choinneáil chomh maith má bhí tú páirteach sa Scéim Fostaíochta Pobail, sa Scéim Liúntais Fiontraíochta Ceantair, nó ar Liúntas um Filleadh Ar Obair go díreach roimh dul ar ais ar obair duit.

Déanfar athmheasúnú ort le haghaidh Forlíonta Cíosa agus tabharfar cuid de d'ioncam breise san áireamh lena n-áirítear cuid de d'ioncam ó fhostaíocht. De thoradh an athmheasúnaithe, b'fhéidir go leanfaidh tú de bheith incháilithe le haghaidh Forlíonta Cíosa agus b'fhéidir nach leanfaidh. Má tá tú incháilithe le haghaidh Forlíonta Cíosa b'fhéidir go bhfaighfeá ráta difriúil forlíonta.

Ioncam a ghlactar san áireamh agus Forlíonadh Cíosa á áireamh

  • Ioncam glan ó fhostaíocht (sin ioncam comhlán lúide ÁSPC agus costais taistil réasúnta. Má tá leanbh cleithiúnach faoi 18 mbliana d'aois agus in oideachas lánaimseartha, ní ghlacfar a ioncam ó fhostaíocht san áireamh.)
  • Íocaíochtaí leasa shóisialaigh (tá eisceachtaí ann, féach 'Ioncam nach nglactar san áireamh' thíos)
  • Íocaíochtaí FSS (tá eisceachtaí ann, féach 'Ioncam nach nglactar san áireamh' thíos)
  • Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh
  • Ioncam in airgead tirim (mar shampla, cothabháil)
  • Ioncam agus luach na maoine ar fad go mb'fhéidir gur choinnigh an t-éilitheoir uaidh/uaithi féin le bheith incháilithe do LLS
  • Caipiteal (mar shampla, maoin seachas do theach féin, coigiltis agus infheistíochtaí)

Déanfar luach caipitil maoine (seachas do theach féin), infheistíochtaí agus coigiltis a mheasúnú ar bhonn seachtainiúil mar seo a leanas:

Caipiteal: Maoin sheachtainiúil measúnaithe mar:
An chéad €5,000 Dada
An chéad €10,000 eile €1 in aghaidh gach €1,000
An chéad €25,000 eile €2 in aghaidh gach €1,000
Caipiteal ar bith os cionn €40,000 €4 in aghaidh gach €1,000

Ioncam nach nglactar san áireamh d'Fhorlíonadh Cíosa

Déanfar neamhaird d'ioncam ó na foinsí seo a leanas nó ní ghlacann an Oifigeach Leasa Pobail (CWO) san áireamh iad nuair a dhéantar áireamh ar mhéid an Fhorlíonta Cíosa a gheobhaidh tú:

  • Liúntas Forlíonta Leasa (SWA)do do theaghlach féin
  • Sochar Leanaí
  • Liúntas Gluaiseachta
  • Íocaíochtaí cúraim altrama ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte
  • Íocaíochtaí as cóiríocht a thabhairt do leanaí faoin Acht um Chúram Leanaí
  • Ioncam ó mhic léinn Ghaeltachta
  • Deontais nó liúntais ó scéimeanna a chothaíonn leas na ndaoine dalla
  • Airgead a fhaightear ó eagraíochtaí carthanacha, mar shampla, Naomh Uinseann de Pól
  • Cúiteamh a dhámh an Binse Cúitimh maidir le Heipitíteas C a tolgadh ó tháirgí fola áirithe, dóibh sin a bhfuil míchumas orthu de dheasca Tailídimíde, agus dóibh sin a fhaigheann cúiteamh faoi Bhord Sásaimh na nInstitiúidí Cónaitheacha
  • Deontais chothabhála íoctha ag na hÚdaráis Áitiúla don Ardoideachas
  • Liúntas Cúraim Bhaile
  • Ioncam ó fhostaíocht le FSS mar Chúntóir Baile
  • Má tá tú d'aois 65 nó níos mó agus má tá ioncam tí agat atá níos mó in éineacht ná ráta an SWA atá oiriúnach do do thosca teaghlaigh, tugtar duit neamhaird arb ionann é agus an difear idir uasmhéid an Phinsin Stáit (Ranníocaíoch) oiriúnach do do thosca agus an ráta SWA atá oiriúnach do do thosca
  • An Liúntas Cúramóra leathráta
  • Má tá tú ag fáil an ghnáthliúntais chúramóra de bharr cúram a thabhairt do bheirt, ní chuirtear san áireamh an méid sin den Liúntas Cúramóra atá de bharraíocht ar an Liúntas Leasa Forlíontach (LLF) cuí a bhaineann leatsa (an ráta do chleithiúnach fásta nó ráta pearsanta an LLF).
  • Ní chuirtear san áireamh méid ar bith den Liúntas Cúramóra atá de bharraíocht ar an Liúntas Leasa Forlíontach bunúsach cuí a bhaineann leatsa (an ráta do cleithiúnach fásta nó ráta pearsanta an LLF)
  • Deontas Cúraim Faoisimh
  • Íocaíocht Chaomhnóra (Ranníocach) agus Íocaíocht Chaomhnóra (Neamh-Ranníocach)
  • Is é atá i Neamhaird Tuillimh Athshlánúcháin ná méid áirithe de d'ioncam ó obair athshlánúcháin nach dtógtar san áireamh. Má tá tú ag fáil Liúntas Míchumas nó Phinsean an Duine Daill, ní ghlactar €120 ó oiliúint nó ó fhostaíocht athshlánúcháin san áireamh agus an Forlíonadh Cíosa á mheas.Rachaidh aon tuillimh thar €120 ó oiliúint nó ó fhostaíocht athshlánúcháin i bhfeidhm ar d'Fhorlíonadh Cíosa. Má tá tú ag tuilleamh níos mó ná €120 is féidir measúnú a dhéanamh ort ag úsáid Neamhaird Tuillimh Athshlánúcháin nó Neamhaird Ioncaim Teaghlaigh (ach ní an dá rud), cibé ceann atá ar son do leasa féin.
  • Is cuid áirithe de d'ioncam teaghlaigh í Neamhaird Ioncaim Theaghlaigh nach nglactar san áireamh. Lena chois sin, ní thugtar €75 de ioncam breise an teaghlaigh. Ní thógtar 25% den ioncam breise teaghlaigh atá agat os cionn €75 san áireamh. Níl aon uasteorainn leis an mhéid ar féidir neamhaird a dhéanamh uirthi.

Cuimsíonn Ioncam breise teaghlaigh ioncam ó fhostaíocht, íocaíochtaí cothabhála de bhreis ar €95.23, Forlíonadh Ioncaim Theaghlaigh, Fostaíocht Phobail (CE), Liúntas um Filleadh ar Obair, Liúntas Fiontraíochta um Filleadh ar Obair nó cúrsa FÁS.

Má bhí tú ag fáil Forlíonta Cíosa roimh 5 Meitheamh 2007 is féidir leat leanúint de bheith ag fáil measúnuithe ar d'ioncam ag úsáid na sean-neamhairdeanna, mura gcinntíonn na neamhairdeanna reatha measúnú níos fabhraí. Mura n-éilíonn tú Forlíonadh Cíosa go ceann níos mó ná 13 seachtain, áfach, déanfar measúnú ort ag úsáid na neamhairdeanna reatha ioncaim.

Forlíonadh Cíosa agus íocaíochtaí cothabhála

Déantar measúnú ar chothabháil mar ioncam breise teaghlaigh (féach thuas) agus úsáidtear an neamhaird ioncaim teaghlaigh chun an méid de do chothabhála nach dtugtar san áireamh mar acmhainní a fháil.

Mar shampla, mura mbíonn aon ioncam breise agat ach amháin cothabháil (féach thuas) déantar measúnú ar d'íocaíocht chothabhála go léir suas le €95.23 sa tseachtain. Ní ghlactar aon chothabháil idir €95.23 agus €170.23 san áireamh. Ní ghlactar 25% de gach cothabháil os cionn €170.23 san áireamh ach oiread.

Do ranníocaíocht cíosa (Ranníocaíocht Teaghlaigh)

Nuair a ríomhann an tOifigeach Leasa Pobail do leibhéal Forlíonta Cíosa déanfar é a laghdú de €24, toisc go caithfear €24 a íoc ar a laghad i dtreo do chíos. Is féidir leat níos mó ná €24 a íoc mar tá dualgas ort freisin, faoi réir neamhaird ioncaim, aon acmhainní inmheasúnaithe breise atá agat os cion bunráta cuí LLS a chur i dtreo do chíos.

Ní dhéanfaidh lánúin thar aois 65 a bhfuil ioncam acu atá cothrom nó níos lú ná an Pinsean Stáit (Ranníocach) dá staid ach €24 a íoc i leith a gcuid cíosa. Ní dhéanfaidh lánúin a bhfuil Pinsin Stáit (Ranníocach) ag an mbeirt acu gan ioncam ar bith eile ach €24 a íoc i leith a gcuid cíosa.

Forlíonadh Cíosa a Ríomh

Is féidir leis a bheith casta Forlíonadh Cíosa a ríomh. Déanfaidh an tOifigeach Leasa Pobail i d’oifig sláinte áitiúil cinneadh an bhfuil tú incháilithe d’Fhorlíonadh Cíosa agus an méid a bheidh le fáil agat a ríomh. Tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméad 'Conas Forlíonadh Cíosa a ríomh'.

Ag déanamh achomhairc faoi chinneadh a dhéanann an Oifigeach Leasa Pobail (CWO)

Mura bhfuil tú sásta le cinneadh a dhéantar maidir le Forlíonadh Cíosa, ba cheart duit a fháil amach roimhe sin cén fáth a ndearnadh an cinneadh trí cheist a chur ar an Oifigeach Leasa Phobail. Má tá aon doiciméadú breise agat a thacaíonn le do chás, tabhair é seo don Oifigeach Leasa Pobail.

Má tá tú fós míshásta, tá an rogha agat an cinneadh seo a phlé leis an Oifigeach Maoirseachta Leasa Pobail. Is féidir leosan an cinneadh a athrú más cuí.

Mura ndéantar athrú ar an gcinneadh, iarr foirm achomhairc orthu. Cuir isteach a oiread mionsonraí agus is féidir leat i d'achomharc agus coinnigh fótachóipeanna de gach rud.

Mura n-éiríonn le d'achomharc, tá tú i dteideal an t-achomharc a chur ar aghaidh chuig Oifig Achomharc Leasa Shóisialaigh (CWO). Is féidir leat éisteacht phearsanta a iarraidh agus is féidir leat ionadaí a thabhairt leat le cuidiú leat do chás a chur.

Rátaí

Íoctar Forlíonadh Cíosa go seachtainiúil nó go míosúil le seic, Aistriú Leictreonach Airgid nó dréacht poist, i riaráistí de ghnáth.

Áireoidh Oifigeach Leasa Pobail FSS méid an Fhorlíonta Cíosa agus go ginearálta cinnteoidh sé nach dtitfidh d'ioncam, tar éis duit cíos a íoc, faoi bhun an íosleibhéil. Is é an leibhéal sin ná an Liúntas Leasa Fhorlíontaigh ag brath ar do chúinsí lúide €30. Caithfidh tú €30 ar a laghad i dtreo do chíos a íoc. Más duine de lánúin thú agus má dhéanann tú iarratas ar Fhorlíonadh Cíosa, caithfidh tú €35 ar a laghad a íoc i dtreo do chíosa. Áfach, b’fhéidir go n-íocfá níos mó ag brath ar d’acmhainní - féach ‘Rialacha’ thuas.

Ní féidir leis an gcíos íoctha le do thiarna talún (is é sin a rá, do ranníocaíocht agus d' Fhorlíonadh Chíosa) bheith os cionn an uasleibhéil cíosa socraithe do do chontae. Socraíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí an t-uasleibhéal cíosa do gach contae. Áfach, d’fhéadfadh an Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) leibhéal cíosa níos ísle faoi na teorainneacha a shocrú. Socraíonn Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte uasleibhéal cíosa do gach limistéir. Má tá do chíos níos airde ná an t-uasmhéid áitiúil, b’fhéidir go ndiúltófar Forlíonadh Cíosa duit ar fad.

Uasleibhéil cíosa déanta i 1 Eanair 2012:

Masleibhéil cíosa sa mhí
Contae Duine aonair i gcóiríocht roinnte Lánúin i gcóiríocht roinnte Duine aonair Lánúin gan leanaí Lánúin a bhfuil 1 leanbh acu nó teaghlach aontuismitheora le 1 leanbh Lánúin le 2 leanbh nó teaghlach aontuismitheora le 2 leanbh Lánúin le 3 leanbh nó teaghlach aontuismitheora le 3 leanbh

Ceatharlach

€230 €250 €350 €450 €550 €575 €590
Cabhán €160 €190 €325 €350 €400 €430 €450
An Clár €190 €210 €350 €380 €450 €475 €500
Corcaigh €260 €280 €450 €575 €700 €715 €750
Dún na nGall €195 €200 €315 €350 €390 €450 €500
Baile Átha Cliath - Fine Gall €250 €330 €475 €650 €775 €825 €900
Baile Átha Cliath - údaraís áitiúla eile €300 €370 €475 €700 €875 €925 €950
Gaillimh €230 €250 €450 €540 €680 €700 €725
Ciarraí €190 €220 €365 €390 €520 €550 €600
Cill Dara €270 €290 €400 €500 €690 €725 €790
Cill Chainnigh €200 €230 €390 €430 €540 €575 €590
Liatroim €175 €195 €300 €325 €350 €375 €400
Luimneach €220 €240 €390 €430 €500 €575 €650
Laois €200 €230 €390 €400 €480 €505 €540
An Longfort €160 €175 €300 €325 €340 €390 €430
€230 €280 €390 €430 €575 €600 €650
Maigh Eo €195 €215 €390 €400 €450 €475 €500
An Mhí €200 €260 €390 €450 €550 €610 €675
Muineachán €180 €190 €300 €350 €480 €500 €525
Uíbh Fhailí €200 €220 €345 €400 €500 €540 €575
Ros Comáin €175 €195 €300 €325 €400 €430 €480
Sligeach €195 €220 €340 €425 €520 €540 €550

Tiobraid Árann Thuaidh

€195 €200 €345 €375 €410 €500 €525

Tiobraid Árann Theas

€195 €220 €370 €425 €525 €540 €550
Port Láirge €230 €250 €390 €400 €500 €540 €590
An Iarmhí €190 €210 €390 €420 €500 €520 €530

Loch Garman

€230 €250 €390 €430 €540 €565 €590
Cill Mhantáin €240 €290 €440 €525 €625 €670 €740

Leagann SI 221/07 síos na huasmhéid d'Fhorlíonadh Cíosa atá iníoctha mar 55 euro do dhuine aonair agus 60 euro do lanúnacha i bhforbairtí deonacha tithíochta (á maoiniú tríd an Scéim Chúnaimh Chaipitil).

Conas iarratas a dhéanamh

Déan foirm iarratais don Fhorlíonadh Cíosa (pdf) a chomhlánú chun iarratas a dhéanamh. Beidh ar do thiarna talún nó a ngníomhaire cuid den fhoirm a líonadh isteach. D’fhéadfadh sé go mbeadh ar d’údarás áitiúil cuid eile den fhoirm a líonadh isteach, chun a dhearbhú go bhfuil tú ar a liosta tithíochta agus go bhfuil riachtanas tithíochta agat, is é sin, mura bhfuil tú díolmhaithe ón riail seo.

Beidh ort foirm iarratais do Liúntas Leasa Forlíontach (pdf) ar leith a líonadh isteach, úsáidtear an fhoirm seo chun sonraí breise maidir le d’iarratas ar Fhorlíonadh Cíosa a bhailiú. Is féidir leis an Oifigeach Leasa Pobail nó leis an tSeirbhís um Fhaisnéis do Shaoránaigh áitiúil cabhrú leat chun na foirmeacha seo a chomhlánú.

Caithfidh tú na doiciméid seo a leanas a thabhairt leat chomh maith:

  • Doiciméid aitheantais duit féin agus dod’ chleithiúnaigh, cosúil le Teastais Breithe iomlána, pasanna, ceadúnas tiomána, cead oibre, cárta inimirce (GNIB) srl.
  • Doiciméid le d’ioncam agus do riocht ó thaobh cúrsaí airgeadais, ar nós duillíní pá a fuarthas le déanaí, P45, P35, P60, ráitis bhainc srl.
  • Doiciméid chun a chruthú cá bhfuil cónaí ort, cosúil le billí leictreachais, gáis nó teileafóin, srl.
  • Doiciméid a bhaineann le do thionóntacht, cosúil le do leabhar cíosa, comhaontú léasa nó tionóntachta.

Is iondúil go dtabharfaidh an tOifigeach Leasa Pobail cuairt ort chun d’imthosca a chinntiú.

Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas

Téigh i dteangmháil leis an Oifigeach Leasa Pobail san ionad sláinte áitiúil.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 11/01/2012

Féach ar an suíomh

Teagmháil

Téigh i dteagmháil leis an Seirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (MABS) trí 0761 07 2000 (Luan go hAoine, 9rn go 8in). Téigh i dteagmháil leis an Seirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh trí 0761 07 4000 (Luan go hAoine, 9rn go 9in).

Back To TopAr ais go barr an leathanaigh