Forbhreathnú: Cabhair le do chíos

B’fhéidir go bhfuil deacracht agat do chíos a choinneáil íoctha. Más amhlaidh atá, tá roinnt foinsí faisnéise, comhairle agus cabhrach ar fáil duit.

Cuireann Threshold seirbhís neamhspleách chomhairleach agus thacaíochta ar fáil, agus í saor in aisce agus faoi rún. Is féidir leat dul i dteagmháil le Threshold má tá fadhbanna agat le do thiarna talún.

Tugann MABS, an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid faisnéis agus comhairle maidir le déileáil le riaráistí cíosa chomh maith le foirmeacha eile fiachais a bhfuil fadhb leo.

Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le d’Ionad Faisnéise do Shaoránaigh áitiúil chun faisnéis agus comhairle duine ar dhuine a fháil, glaoch a chur ar an tSeirbhís Teileafóin um Fhaisnéis do Shaoránaigh ar Íosghlao 1890 777 121, Luan go hAoine, 9rn go 9in, nó logáil isteach ar an láithreán gréasáin um Fhaisnéis do Shaoránaigh.

Daoine atá ag íoc cíosa go príobháideach

Is éard atá san Fhorlíonadh Cíosa ná íocaíocht a dhéantar le cabhrú le daoine atá ina gcónaí i gcóiríocht phríobháideach ar cíos nach bhfuil in ann an cíos iomlán a íoc iad féin. Go ginearálta, mura bhfuil agat ach íocaíocht leasa shóisialaigh nó íocaíocht ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, beidh tú incháilithe don Fhorlíonadh Cíosa. Ní bhfaighidh tú Forlíonadh Cíosa má tá tú féin nó do pháirtí ag obair go lánaimseartha áfach (30 uair an chloig sa tseachtain nó níos mó).

Má tá tú ag íoc cánach ar d’ioncam, is féidir go mbeidh tú i dteideal éileamh a dhéanamh ar fhaoiseamh cánach ar do chíos.

Tá cearta ar leith ag an gcuid is mó de thionóntaí príobháideacha faoin Acht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004 (pdf). Má rud é go bhfuil tú i do chónaí i gcóiríocht atá á roinnt agat le do thiarna talún nó i gcóiríocht do mhic léinn atá ar cíos ag institiúid aitheanta oideachais, níl tú clúdaithe faoin reachtaíocht seo áfach.

Tionóntaí i dtithíocht shóisialta

Íocann daoine atá ag fáil áit chónaithe ar cíos ó údarás áitiúil cíos ar a dtugtar “cíos difreálach”, a ríomhtar bunaithe ar chumas an duine é a íoc. Má laghdaítear d’ioncam ba chóir go n-iarrfá láithreach ar d’údarás áitiúil do chíos a laghdú.

Glacann cumainn tithíochta d’ioncam san áireamh agus do chíos á ríomh freisin. Ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le do thiarna talún maidir le do chíos a laghdú más tionónta tú i gcumann tithíochta nó i gcomharchumann agus go ndéantar d’ioncam a laghdú.

Más rud é go bhfuil riaráistí cíosa agat, déan teagmháil le do thiarna talún láithreach bonn.

Cailliúint do thí

Is féidir le tiarna talún príobháideach, le húdarás áitiúil nó le cumann tithíochta tú a chur amach as do theach má tá áit chónaithe ar cíos agat uathu agus má thiteann tú siar ar an gcíos, sa chás go leantar an nós imeachta ceart. Go hiondúil, is é seo an rogha deiridh a ghlacfar. Déanaimid cur síos anseo maidir le cad ba chóir duit a dhéanamh má chailleann tú do theach.



Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 14/12/2009

Féach ar an suíomh

Teagmháil

Téigh i dteagmháil leis an Seirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (MABS) trí 0761 07 2000 (Luan go hAoine, 9rn go 8in). Téigh i dteagmháil leis an Seirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh trí 0761 07 4000 (Luan go hAoine, 9rn go 9in).

Back To TopAr ais go barr an leathanaigh