Forbhreathnú: Cad ba chóir duit a dhéanamh má chailleann tú do theach

Más rud é go bhfuil tú chun do theach a chailliúint, bíodh sin de bharr athshealbhaithe, díshealbhaithe nó imthosca eile, beidh ort áit chónaithe a fháil.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar an Rannóg Tithíochta i d’údarás áitiúil (comhairle contae nó cathrach). Déanfaidh an t-údarás measúnú ar d’imthosca agus is féidir go gcuirfidh siad áit chónaithe ar fáil duit, bunaithe ar an measúnú a dhéanfaidh siad ar do chuid riachtanas. Má fhaigheann tú áit chónaithe ón údarás áitiúil, bunófar an cíos ar do chumas é a íoc.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar níos mó ná údarás áitiúil amháin – comhairle contae agus comhairle dúiche uirbeach, mar shampla.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh freisin ar cumann tithíochta nó ar chomharthithíocht. Is eagraíochtaí iad seo a chuireann tithíocht shóisialta ar fáil do dhaoine nach bhfuil na hacmhainní acu tithe dá gcuid féin a cheannach. Cosúil leis an údarás áitiúil, déanfaidh siad measúnú ar d’imthosca agus is féidir go ndéanfaidh siad áit chónaithe a thairiscint duit, bunaithe ar an measúnú a dhéanfaidh siad ar do chuid riachtanas. Arís, ríomhfar an cíos bunaithe ar do chumas é a íoc.

Má aimsíonn tú áit ar cíos ó thiarna talún príobháideach, is féidir go mbeidh tú incháilithe Forlíonadh Cíosaa fháil chun cuid den chíos a íoc. Má tá tú ag íoc cánach, is féidir go mbeidh tú in ann éileamh a dhéanamh ar fhaoiseamh cánach ar do chíos.

Mura bhfuil tú in ann teacht ar áit chónaithe láithreach bonn, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar chóiríocht éigeandála nó shealadach go bhfaighidh tú áit bhuan. Déanann ár ndoiciméad maidir le roghanna tithíochta do dhaoine gan dídean cur síos ar na tacaíochtaí éagsúla atá ar fáil.



Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 14/12/2009

Féach ar an suíomh

Teagmháil

Téigh i dteagmháil leis an Seirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (MABS) trí 0761 07 2000 (Luan go hAoine, 9rn go 8in). Téigh i dteagmháil leis an Seirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh trí 0761 07 4000 (Luan go hAoine, 9rn go 9in).

Back To TopAr ais go barr an leathanaigh