Polasaithe um chosaint morgáiste

Eolas

Mura bhfuil obair agat de bharr iomarcaíochta éigeantaí, timpiste nó galair is fiú féachaint an bhfuil árachas agat chun d’aisíocaíocht morgáiste a chosaint.

Má tá árachas agat chun d’aisíocaíocht morgáiste a chosaint, aisíoctar do mhorgáiste ar feadh tréimhse áirithe ama i gcás galair nó iomarcaíocht éigeantach.

Ní hionann árachas um chosaint aisíocaíochta agus árachas um chosaint morgáiste.

Árachas um chosaint morgáiste

Bíonn árachas um chosaint morgáiste ann le do mhorgáiste a ghlanadh má fhaigheann tú bás. Is minic go mbíonn sé éigeantach árachas um chosaint morgáiste a thógáil nuair a thógtar morgáiste. Níl cabhair ann duit le d’aisíocaíochtaí morgáiste má dhéantar iomarcach tú nó má éiríonn tú tinn.

Faigh tuilleadh sonraí maidir le hÁrachas um Chosaint Morgáiste ar láithreán gréasáin na Gníomhaireachta Náisiúnta do Thomhaltóirí, itsyourmoney.ie.

Árachas um aisíocaíocht morgáiste a chosaint

Go hiondúil bíonn árachas um aisíocaíocht morgáiste a chosaint roghnach. Tá sé deartha chun do mhorgáiste a aisíoc ar feadh tréimhse áirithe ama – 12 mhí go minic – má bhíonn timpiste agat nó má dhéantar iomarcach tú.

Faigh tuilleadh sonraí maidir le hÁrachas um Aisíocaíocht Morgáiste a Chosaint ar itsyourmoney.ie.

Ba chóir duit ceist a chur ar iasachtóir do mhorgáiste, ar do bhróicéir árachais nó ar do chuideachta árachais mura bhfuil tú cinnte an bhfuil árachas agat chun d’aisíocaíocht morgáiste a chosaint.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 22/10/2010

Féach ar an suíomh

Teagmháil

Téigh i dteagmháil leis an Seirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (MABS) trí 0761 07 2000 (Luan go hAoine, 9rn go 8in). Téigh i dteagmháil leis an Seirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh trí 0761 07 4000 (Luan go hAoine, 9rn go 9in).

Back To TopAr ais go barr an leathanaigh