Faoiseamh cánach ar ús morgáiste

Eolas

Is éard is faoiseamh morgáiste ann ná faoiseamh cánach bunaithe ar an méid den ús morgáiste a íocann tú ar do phríomháras cónaithe príobháideach (do theach féin) i mbliain chánach áirithe.

Tá sé á riaradh i leith mar Fhaoiseamh Cánach ag an bhFoinse. Ciallaíonn sé sin go dtugann an té a thug an morgáiste ar iasacht duit tairbhe an fhaoisimh cánach duit ar an ús a íocann tú ar do mhorgáiste. Déanann siad é sin trí d’íocaíochtaí morgáiste a laghdú de réir an méid faoisimh cánach atá tú i dteideal a fháil i ngach bliain chánach. Éilíonn do mhorgaisteoir méid an fhaoisimh ar ais os na Coimisinéirí Ioncaim. Cuirfidh do mhorgáisteoir aon athrú eile a thiocfaidh ar an bhfaoiseamh cánach i bhfeidhm go huathoibritheach ar son na gCoimisinéirí Ioncaim, mar shampla má tá athrú ar na rátaí úis.

De ghnáth, ní éilíonn tú faoiseamh cánach ar ús morgáiste i dtuairisceán cánach bliantúil mar tugtar é duit go díreach ag do mhorgáisteoir. Féadfaidh tú faoiseamh cánach a éileamh fós ó d'oifig cánach i leith an úis a íocann tú ar iasachtaí “neamhurraithe” a úsáideadh chun críche cáilithe.

Cuirfear deireadh go hiomlán le faoiseamh ar ús morgáiste faoi dheireadh 2017.

Rialacha

Chun go gcáileoidh sé d'fhaoiseamh cánach ar íocaíochtaí ús morgáiste, ní mór don ús a bheith ar airgead a fuair tú ar iasacht chun do phríomh-áitreabh (atá suite in Éirinn) a cheannach, a dheisiú nó a fheabhsú. Mar shampla, ní féidir faoiseamh morgáiste a éileamh i gcomhair úis ar iasacht a úsáideadh chun teach saoire nó réadmhaoin infheistíochta a cheannach.

Is féidir leat faoiseamh ar ús morgáiste a éileamh má tá do phríomháit chónaithe nó d'áit chónaithe aonair in Éirinn agus má oibríonn tú agus má íocann tú cánacha sa RA (lena n-áirítear Tuaisceart Éireann). Is gá uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) a bheith agat chun an faoiseamh a éileamh.

Ní féidir leat faoiseamh ar ús morgáiste a éileamh má tá d’áit chónaithe aonair nó do phríomháit chónaithe sa RA (lena n-áirítear Tuaisceart Éireann) fiú má oibríonn tú agus má íocann tú cánacha in Éirinn.

Tá an faoiseamh seo faoi réir uasteorainneacha, ag brath ar do chúinsí pearsanta agus an ceannaitheoir céad-uaire tú nó nach ea - féach 'Rátaí' thíos.

Dáta tosaithe morgáiste agus teidlíocht maidir le faoiseamh

Braitheann do theidlíocht ar fhaoiseamh ar ús morgáiste ar dháta tosaigh do mhorgáiste.

  • Más rud é gur thóg tú amach do mhorgáiste in 2003 nó níos luaithe tháinig deireadh le do theidlíocht in 2009.
  • Má tá dáta tosaigh do mhorgáiste idir 1 Eanáir 2004 agus 31 Nollaig 2011 beidh tú i dteideal faoiseamh a fháil go dtí deireadh 2017.
  • Má thógann tú amach morgáiste idir 1 Eanáir 2012 agus 31 Nollaig 2012 ceadófar an faoiseamh le rátaí níos ísle agus ar shuimeanna níos lú.
  • Ní bheidh faoiseamh ar bith le fáil i gcás morgáistí a thógfar amach i ndiaidh 31 Nollaig 2012.

Rataí

Ráta an Fhaoisimh ar Ús Morgáiste

Tá rátai éagsúla ann do cheannaitheoirí céad-uaire agus do dhaoine nach ceannaitheoirí céad-uaire iad. Lena chois sin rinneadh laghdú ar na rátaí faoisimh i gcomhair ceannaitheoirí céad-uaire ar feadh saol an mhorgáiste ach ní bhaineann siad sin le daoine nach ceannaitheoirí céad-uaire iad.

Ceannaitheoir céad-uaire

Is ceannaitheoir céad-uaire tú ar mhaithe le faoiseamh ar ús morgáiste a fháil má tá faoiseamh na chéad 7 mbliana cánach á fháil agat. Mar shampla, má fuair tú faoiseamh cánach ar mhorgáiste den chéad uair in 2006 nó ina dhiaidh sin, is ceannaitheoir céad-uaire fós tú in 2012.

Sna blianta cánach 2011 agus 2012, is é an faoiseamh ar ús morgáiste do cheannaitheoirí céad-uaire don chéad agus dara bliain cánach de do mhorgáiste ná 25%. Gheobhaidh tú faoiseamh 22.5% i mblianta cánach 3, 4 agus 5. Gheobhaidh tú faoiseamh 20% i mblianta cánach 6 agus 7. Is é 15% an ráta a bheidh i gceist i gcomhair na mblianta cánach incháilithe eile. Is é sin an ráta a bhaineann le ceannaitheoirí nach ceannaitheoirí céad-uaire iad agus beidh sé amhlaidh toisc nach measfar gur ceannaitheoir céad-uaire a thuilleadh tú.

Tá an faoiseamh seo faoi réir uasteorainneacha, ag brath ar do chúinsí pearsanta.

Is iad seo a leanas na uasmhéideanna atá ceadaithe do cheannaitheoirí céad-uaire i gcomhair 2011 agus 2012:

Singil Baintreach/Pósta
Ceannaitheoir céad-uaire €10,000 €20,000

Chun a ríomh céard is fiú é seo duit gach bliain, faigh an céatadán ceart den uasteorainn thuas a bhaineann leat féin.

Mar shampla, faigheann ceannaitheoirí céad-uaire atá pósta atá ar an dara bliain cánach dá morgáiste faoiseamh ag 25% de €20,000. Mar sin, is é an t-uaslaghdú a d'fhéadfadh a bheith ar a n-ús morgáiste bliantúil ná €5,000.

Ceannaitheoirí nach ceannaitheoirí céad-uaire iad

Is é an faoiseamh ar ús morgáiste ná 15% murar ceannaitheoir céad-uaire tú. Tá an faoiseamh seo faoi réir uasteorainneacha, ag brath ar do chúinsí pearsanta.

Is iad seo a leanas na huasmhéideanna atá ceadaithe i gcomhair 2011 agus 2012.

Singil Baintreach/Pósta
Ceannaitheoirí nach ceannaitheoirí céad-uaire iad €3,000 €6,000

Chun a oibriú amach céard is fiú é seo duitse, faigh 15% den uasteorainn thuas a bhaineann leatsa.

Mar shampla, faigheann lánúin phósta nach ceannaitheoirí céad-uaire iad atá ar an dara bliain dá morgáiste faoiseamh ag 15% de €6,000. Mar sin, is é an méid is mó lenar féidir a n-ús morgáiste bliantúil a laghdú ná €900.

Conas iarratas a dhéanamh

Ba chóir duit clárú ar líne le haghaidh faoiseamh ar ús morgáiste a luaithe agus a bheidh do chéad íocaíocht morgáiste déanta agat.

Má tá fadhb ar bith agat leis an tsaoráid ar líne a úsáid, glaoigh ar an líne chabhrach 1890 46 36 26 nó seol ríomhphoist trsadmin@revenue.ie chun cúnamh a fháil.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas



Cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim tuilleadh faisnéise ar fáil duit faoi Fhaoiseamh Cánach ag an bhFoinse i gcomhair Faoiseamh ar Ús Morgáiste.



Rannóg TRS

Line 1:
An tArd Bhailitheoir

Line 2:
Teach Sarsfield

Line 3:
Sráid Phroinsias

Line 5:
Luimneach

Contae:
Luimní

Tír:
Éire

Láithreán Gréasáin:
http://www.revenue.ie







Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 03/01/2012

Féach ar an suíomh

Teagmháil

Téigh i dteagmháil leis an Seirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (MABS) trí 0761 07 2000 (Luan go hAoine, 9rn go 8in). Téigh i dteagmháil leis an Seirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh trí 0761 07 4000 (Luan go hAoine, 9rn go 9in).

Back To TopAr ais go barr an leathanaigh