Contact us

You can contact the Money Advice and Budgeting Service (MABS) on 0761 07 2000 (Monday to Friday, 9am to 8pm) and the Citizens Information Phone Service on 0761 07 4000 (Monday to Friday, 9am to 9pm)

Próiseas Réitigh do Riaráistí Morgáiste (MARP)

Réamhrá

Leagann an Cód Iompraíochta ar Riaráistí Morgáiste (CIRM) (pdf) amach an creatlach nach mór d’iasachtóirí a úsáid agus iad ag déileáil le hiasachtaithe i riaráistí morgáiste nó i réamh-riaráistí. Éilíonn sé ar iasachtóirí cásanna den tsórt sin go léir a láimhseáil go tuisceanach agus go dearfach, agus é mar chuspóir ag gach tráth cabhrú le daoine a gcuid oibleagáidí morgáiste a chomhlíonadh.

De réir an CIRM, ní mór d’iasachtóirí Próiseas Réitigh do Riaráistí Morgáiste (MARP) a úsáid agus iad ag déileáil le custaiméirí riaráiste agus réamh-riaráistí. Is iad na cúig chéim don MARP ná: cumarsáid; faisnéis airgeadais; measúnú; réiteach agus achomhairc.

Munar féidir teacht ar réiteach tar éis dul tríd na cúig chéim agus má theastaíonn ón iasachtóir do theach a athshealbhú, caithfidh sé cloí le rialacha an MARP i leith imeachtaí athshealbhaithe.

Cumarsáid

Éiríonn fadhb riaráistí morgáiste chomh luath agus a theipeann ort aisíocaíocht iomlán a dhéanamh ar an dáta a bhfuil sé dlite.

Má fhanann na riaráistí gan íoc 31 lá ón dáta seo, ní mór don iasachtóir stádas an chuntais mhorgáiste a chur in iúl duit i scríbhinn. Ní mór an litir seo sonraí iomlána na híocaíochta/na n-íocaíochtaí a chailleadh agus an méid iomlán atá i riaráiste anois. Ní mór dó freisin míniú chomh maith go bhfuil do riaráistí á láimhseáil anois faoin MARP; an tábhacht a bhaineann le comhoibriú leis an iasachtóir; na hiarmhairtí a bhaineann le neamhchomhoibriú; agus tionchar na n-aisíocaíochtaí caillte/athshealbhaithe ar do rátála creidmheasa.

Ní mór don iasachtóir an leabhrán eolais a sheoladh chugat ina dtugtar mionsonraí ar an MARP, pointí teagmhála ábhartha maidir le saincheisteanna riaráistí agus sonraí na suíomh gréasáin le faisnéis ar riaráistí morgáiste, ar nós mabs.ie agus keepingyourhome.ie (Ní mór duit an leabhrán seo a fháil freisin má tá tú i réamh-riaráistí.)

Chomh fada is atá tú i riaráistí, ní mór don iasachtóir nuashonrú a thabhairt duit i scríbhinn ar stádas do chuntais gach 3 mhí.

Mura bhfuil socrú aisíoca malartach curtha ar bun, agus má cailleann tú an tríú aisíocaíocht (iomlán nó páirteach), ní mór don iasachtóir an méid seo a leanas a insint duit i scríbhinn:

  • An poitéinseal le haghaidh imeachtaí dlíthiúla agus caillteanais do mhaoine, agus meastachán ar an gcostas a bhainfeadh le himeachtaí den chinéal seo ort
  • An tábhacht a bhaineann le comhairle neamhspleách a fháil ón tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid (MABS) nó rogha eile cuí
  • Fiú amháin má dhíoltar do mhaoin, beidh tú fós faoi dhliteanas aon fhiach nár íoc tú, lena n-áirítear aon ús fabhraithe, muirir, dlíthiúil, díol agus costais bhainteacha eile.

Eolas airgeadais agus measúnú

Eolas airgeadais

Ní mór d’iasachtóirí ráiteas airgeadais caighdeánach a sholáthar chun faisnéis airgeadais a fháil ó iasachtaí i riaráistí nó i réamh-riaráistí, ionas gur féidir leo do staid airgeadais a mheas agus an cúrsa gnímh is fearr a aithint. Rinne an Banc Ceannais forbairt ar fhormáid tionscalchaighdeánach (pdf) le haghaidh an gnáthráiteas airgeadais (SFS). Tá treoirleabhar (pdf) foilsithe freisin chun cabhrú le daoine an fhoirm a chomhlínadh. Ó 1 Iúil 2011 tá ar gach iasachtóir an SFS a úsáid.

Agus an ráiteas airgeadais á cur ar fáil, ní mór don iasachtóir a chinntiú go dtuigeann tú an próiseas MARP. Ní mór dóibh a insint duit faoi infhaighteacht na comhairle neamhspleácha (ó MABS, mar shampla) chun cabhrú i gcrích an ráiteas airgeadais caighdeánach.

Ní mór don iasachtóir an ráiteas airgeadais caighdeánach críochnaithe a sheoladh chuig a Aonad Tacaíochta Riaráistí (ATR) le haghaidh measúnaithe.

Measúnú

Caithfidh ATR an iasachtóra measúnú a dhéanamh ar an ráiteas airgeadais caighdeánach críochnaithe agus do chás ar a thuillteanais aonair a mheas. Ní mór don ATR a measúnú ar do chás a bhunú ar do chúinsí iomlána. Ina measc seo tá do chúinsí pearsanta; féichiúnas iomlán; faisnéis dá bhforáiltear sa ráiteas airgeadais caighdeánach; acmhainn aisíoca atá ann faoi láthair; agus stair íocaíochta roimhe seo.

Réiteach

Caithfidh an t-iasachtóir iniúchadh a dhéanamh ar na roghanna le haghaidh socruithe aisíoca malartacha. Ní mór do na roghanna na rudaí seo a leanas a chuimsiú:

  • Socrú d’ús amháin ar feadh tréimhse sonraithe
  • Socrú chun ús agus cuid den ghnáthghné chaipitiúil a íoc ar feadh tréimhse sonraithe
  • Íocaíocht de gach cuid nó cuid den aisíoc tráthchoda a chur siar ar feadh tréimhse
  • Leathnú théarma an mhorgáiste
  • Athrú chineál an mhorgáiste, seachas i gcás mhorgáistí rianúcháin
  • Caipitliú na riaráistí agus an úis, agus
  • Aon scéim dheonach dá bhfuil an t-iasachtóir sínithe suas, m.sh. Scéim Úis Iarchurtha.

Ní fhéadfaidh an t-iasachtóir iarraidh ort athrú ó mhorgáiste riarúchain atá ann cheana féin do chineál morgáiste eile mar chuid d'aon socrú eile á thairiscint.

Nuair a bhíonn an t-iasachtóir ag tairiscint socrú aisíoca malartach, ní mór dóibh míniú soiléir i scríbhinn a thabhairt duit ar an socrú. Chomh maith leis na sonraí bunúsacha ar an méid aisíoca nua agus téarma an socraithe, ní mór don iasachtóir míniú a thabhairt ar a thionchar ar théarma an mhorgáiste, an t-iarmhéid gan íoc agus na riaráistí atá ann cheana féin, más ann.

Ní mór don iasachtóir mionsonraí a thabhairt freisin maidir le: conas ús a chur i bhfeidhm ar do chuntas iasachta morgáiste mar thoradh ar an socrú; conas a thuairisceofar an socrú chuig Biúró Creidmheasa na hÉireann agus an tionchar a bhaineann leis seo ar do rátála creidmheasa; agus eolas ar do cheart achomhairc ar chinneadh an iasachtóra lena n-áirítear conas achomharc a chur faoi bhráid.

Ní mór don iasachtóir comhairle a thabhairt duit chomh maith chun glacadh le comhairle dlíthiúil agus/nó airgeadais chuí neamhspleách. Ní mór don iasachtóir monatóireacht a dhéanamh ar an socrú ar bhonn leanúnach agus athbhreithniú foirmiúil a dhéanamh ar a oiriúnacht duit gach sé mhí ar a laghad. Ní mór don athbhreithniú seo a chuimsiú seiceáil leat an bhfuil do chúinsí athraithe ó thús an socraithe nó ón athbhreithniú seo caite.

Mura gcomhaontaítear socrú malartach

Ní fhéadfadh sé a bheith indéanta duit féin agus do d’iasachtóir an t-aisíoc malartach a aontú. Mura bhfuil an t-iasachtóir toilteanach socrú aisíocaíochta malartach a thairiscint duit, ní mór dóibh na cúiseanna a thabhairt i scríbhinn. Má chuireann siad socrú ar fáil, is féidir leat rogha a dhéanamh gan glacadh leis. Sa dá chás sin, ní mór don iasachtóir roghanna eile a chur in iúl duit i scríbhinn, lena n-áirítear géilleadh deonach, trádáil síos nó díol deonach, agus na himpleachtaí duit do gach rogha. Caithfidh siad do cheart achomharc a dhéanamh chuig an mBord Achomhairc a chur in iúl duit chomh maith maidir le cinneadh an ATR, cóireáil an iasachtóra de do chás faoin MARP, nó go gcomhlíonann siad riachtanais an Chóid.

Ní mór don iasachtóir a chur in iúl duit chomh maith nach mbeidh an moratóir 12-mí ar chaingean dlí a thógáil ag baint le do chás a thuilleadh mura ndéanann tú achomharc.

Má sháraíonn tú socrú malartach

Má stadann tú ag cloí le téarmaí aisíocaíochta ar shocrú malartach, ní mór don Aonad Tacaíochta Riaráistí an iasachtóra athbhreithniú foirmiúil a dhéanamh ar do chás, lena n-áirítear an ráiteas airgeadais caighdeánach, láithreach.

Achomhairc

Breithneoidh Bord Achomhairc an iasachtóra aon achomharc a chuireann tú isteach agus déanfaidh sé athbhreithniú ar chinneadh an ATR, cóireáil an iasachtóra ar do chás faoin MARP agus comhlíonadh an iasachtóra ceanglais an Chóid go neamhspleách.

Ní mór don iasachtóir deis a thabhairt duit ar feadh tréimhse réasúnach achomharc a chur isteach. Ní mór é seo a bheith ceithre sheachtain ar a laghad ón dáta a fhaigheann tú fógra faoi chinneadh an ATR.

Beidh an Bord Achomhairc déanta suas de thriúr de phearsanra sinsearach an iasachtóra nach raibh baint acu go fóill le do chás. Ní mór comhalta amháin den Bhord Achomhairc ar a laghad a bheith neamhspleách ar an bhfoireann bhainistíochta agus ní mór dó gan a bheith páirteach i gcúrsaí iasachta.

Ní mór go mheadh nós imeachta i scríbhinn le haghaidh achomhairc a láimhseáil, ag cur na rudaí seo san áireamh:

  • Measfar achomhairc i scríbhinn amháin
  • Admhálfar achomhairc i scríbhinn laistigh de sheachtain a bhfuarthas iad
  • Ní mór don iasachtóir ainm duine amháin ar a laghad a bheidh ar do phointe teagmhála i ndáil leis an ngearán a thabhairt duit go dtí go rialófar an Bord Achomhairc air
  • Ní mór don iasachtóir nuashonruithe a thabhairt duit i scríbhinn ar dul chun cinn an achomhairc ag eatraimh ceithre sheachtain nó níos minice
  • Ní mór cinneadh a bheith déanta ar an achomharc d’ocht seachtain a fhaightear é. Ní mór don iasachtóir scríobh chugat taobh istigh de sheachtain uaidh seo, chun cinneadh an Bhoird Achomhairc a chur in iúl agus téarmaí aon tairiscinte atá á dhéanamh a mhíniú. Ní mór don iasachtóir do cheart an t-ábhar a tharchur chuig an Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais a chur in iúl duit chomh maith, agus ní mór dó sonraí teagmhála an Ombudsman sin a thabhairt duit.

Imeachtaí athshealbhaithe

Ní fhéadfaidh an t-iasachtóir iarratas a dhéanamh ar na cúirteanna tús a chur le caingean dlí le haghaidh athshealbhaithe ar do mhaoin go dtí go bhfuil gach iarracht réasúnta déanta chun socrú malartach a aontú. Má tá tú ag comhoibriú leis an iasachtóir, ní mór dóibh fanacht ar a laghad 12 mhí ón dáta a bhí do riaráistí rangaithe mar chás MARP (31 lá tar éis an chéad aisíoca caillte) roimh iarratas a dhéanamh ar na cúirteanna.

Nuair atá an t-iasachtóir ag ríomh an tréimhse 12 mhí, ní mór dó tréimhse ar bith ina bhfuil tú ag cloí le téarmaí shocrú aisíocaíochta malartacha a eisiamh, ag déanamh achomhairc chuig an mBord Achomhairc nó ag gearán chuig an Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais faoin gCód. Caithfidh sé an tréimhse inar féidir leat achomharc a dhéanamh a mheas a eisiamh freisin.

I gcás cásanna réamh-riaráiste, ní mór don tréimhse 12 mhí an tréimhse idir do chéad teagmháil faoin staid réamh-riaráistí agus bunú an socrú malartach aisíoca a eisiamh.

Ní bhaineann an tréimhse 12 mhí le hábhar mura mbíonn tú ag comhoibriú leis an iasachtóir; nó má dhéanann tú calaois ar an iasachtóir, nó má sáraíonn tú an conradh, seachas na riaráistí.

Ní mór don iasachtóir a chur in iúl duit i scríbhinn sula n-iarrann sé ar na Cúirteanna tús a chur le haon chaingean dlí ar athshealbhú.

Is féidir do mhaoin a athshealbhú trí chomhaontú deonach nó trí ordú cúirte - féach ár ndoiciméad maidir le hathshealbhú. Fiú má chuirtear tús le himeachtaí cúirte, ní mór don iasachtóir iarracht a dhéanamh teagmháil a choimeád leat fós chun chomhaontú maidir le haisíocaíochtaí a lorg, agus ní mór imeachtaí dlí a chur ar fheitheamh má dhéantar comhaontú.

Ní mór don iasachtóir a mhíniú duit má dhíoltar an mhaoin agus mura gclúdaíonn an praghas díola an méid atá dlite agat, tá tú fós faoi dhliteanas i leith an chuid eile den mhéid atá dlite agat.

Má athshealbhaítear agus má dhíoltar do mhaoin, ní mór don iasachtóir scríobh chugat go pras leis an eolas seo a leanas:

  • Iarmhéid gan íoc ar do chuntas iasachta morgáiste
  • Sonraí agus méid de chostais a eascraíonn as diúscairt atá curtha leis an gcuntas
  • Ráta úis a bheidh muirearaithe ar an iarmhéid atá fágtha
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 30/11/2011