medium text sizelarge text sizelarge text and high contrast

Baineann an suíomh seo úsáid as fianáin. Faigh tuilleadh eolais.

Contact us

You can contact our dedicated Mortgage Arrears Information Helpline on 0761 07 4050 (Monday to Friday, 9:30am to 5pm)

Cóid um chosaint tomhaltóirí agus morgáistí

Réamhrá

Tá institiúidí iasachta, ar nós banc agus cumainn foirgníochta, faoi cheangal ag dhá chód iompair reachtúla i dtaca le morgáistí. Is iad seo an Cód Iompair maidir le Riaráistí Morgáiste de chuid an Bhainc Cheannais (CIRM) agus an Cód um Chosaint Tomhaltóirí 2012 lena ngabhann.

Oibríonn údaráis áitiúla faoina mhacasamhail de rialacha de ghnáth. Maidir le daoine a bhfuil deacrachtaí acu agus na hiasachtaí atá acu ón údarás áitiúil a aisíoc, tá dhá phíosa reachtaíochta ann, mar aon le treoirlínte, a fhorálann go ndéanfaidh an t-údarás áitiúil socruithe chun déileáil leis an gcás – (féach ‘Iasachtaí ó údaráis áitiúla’ thíos).

Má tá deacrachtaí agat do mhorgáiste a íoc, ba cheart duit labhairt leis an institiúid iasachta a luaithe is féidir. Ní mór do d’iasachtóir roinnt bearta a ghlacadh chun déileáil le haon fhadhbanna atá agat maidir le do mhorgáiste a íoc. Ba cheart go mbeadh athshealbhú do thí beart deiridh an iasachtóra.

Cód Iompair um Riaráistí Morgáiste (CIRM)

Is é Cód Iompair um Riaráistí Morgáiste (pdf) an príomhchód ábhartha do dhaoine a bhfuil a morgáiste tar éis riaráistí a chruthú nó atá i mbaol riaráistí a chruthú. Ceanglaíonn sé iasachtóirí fanacht 12 mhí sula dtéitear i mbun caingean dlí faoi mhorgáistí a chruthaigh riaráistí. Ní bhíonn an ceanglas seo i gceist, áfach, mura bhfuil iasachtóir ag dul i dteagmháil leis an iasachtóir d’aon turas.

Ceanglaíonn an CIRM ar iasachtóirí morgáiste nósanna imeachta sonracha a ghlacadh nuair a bhíonn siad ag déileáil le hiasachtóirí atá thíos le riaráistí agus le deacrachtaí airgeadais. Ní mór na nósanna imeachta sin a dhíriú ar chabhrú leat a fhad agus is féidir faoi do chúinsí féin ar leith.

Scóip an CIRM

Baineann an CIRM le morgáistí maidir le príomháiteanna cónaithe amháin. Sainmhínítear sa Chód príomháit chónaithe mar seo a leanas, “réadmhaoin chónaithe sa Stát seo arb í an réadmhaoin chónaithe amháin atá faoi úinéireacht an iasachtaí”, mar aon leis an sainmhíniú níos coitianta – “an réadmhaoin chónaithe atá á háitiú ag an iasachtaí mar a p(h)ríomháit chónaithe sa Stát seo” (do phríomhtheach).

Is í aidhm an tsainmhínithe níos fairsinge seo cosaintí an CIRM a chur i bhfeidhm do dhaoine atá ag iarraidh a n-ioncam a uasmhéadú chun cuidiú leis an morgáiste a íoc ar a bpríomháit chónaithe nó ar a bpríomhtheach, má chónaíonn siad ann nó a mhalairt.

Cuimsítear sa Chód, freisin, iasachtaithe i réamhriaráistí. Tugtar an sainmhíniú a leanas ar réamhriaráistí: “Eascraíonn cás réamhriaráistí sa chás go ndéanann an t-iasachtaí teagmháil leis an iasachtóir chun a chur in iúl dóibh go bhfuil deacrachtaí airgeadais ag bagairt orthu agus/nó go bhfuil siad buartha faoi riaráistí morgáiste a chruthú”.

Baineann an CIRM le gach iasachtóir morgáiste a oibríonn sa Stát, seachas comhair chreidmheasa agus údaráis áitiúla (féach ‘Iasachtaí ó údaráis áitiúla’ thíos).

Ceanglais an CIRM

Leagtar amach sa CIRM an chreatlach nach mór d’iasachtóirí úsáid nuair a bhíonn siad ag déileáil le hiasachtóirí a chruthaigh riaráistí morgáiste nó atá i réamhriaráistí. Ceanglaítear ar iasachtóirí gach cás den chineál sin a láimhseáil go báúil agus go dearfach, agus é i gcónaí bheith i gceist acu cabhrú le daoine a gcuid oibleagáidí morgáiste a chomhlíonadh.

Ní mór d’iasachtóirí an méid a leanas a bheith acu faoin gCIRM:

  • Aonad Tacaíochta Riaráistí (ATR) le measúnú a dhéanamh ar chásanna riaráistí agus réamhriaráistí
  • Bord Achomharc inmheánach chun breithniú a dhéanamh ar achomhairc ó iasachtaithe maidir le cinntí ATR agus le láimhseáil iasachtóra chás an iasachtaí faoin PRRM.

Ní mór d’iasachtóirí a méid a leanas a dhéanamh chomh maith:

  • A chinntiú go gcuirtear an chumarsáid le hiasachtaithe i láthair ar bhealach soiléir agus a oireann do thomhaltóirí
  • Leabhrán faisnéise a chur ar fáil d’iasachtaithe a chruthaigh riaráistí (nó réamhriaráistí), lena n-áirítear sonraí faoin PRRM, pointí ábhartha teagmhála le haghaidh saincheisteanna riaráistí agus sonraí faoi láithreáin ghréasáin ar a bhfuil faisnéis faoi riaráistí, ar nós mabs.ie agus keepingyourhome.ie.
  • Mír thiomnaithe a chur ar fáil ar a láithreán gréasáin d’iasachtaithe ag a bhfuil deacrachtaí airgeadais nó a bhfuil deacrachtaí airgeadais ag bagrú orthu. Ní mór go n-áireofar sa mhír seo an leabhrán thuas agus naisc leis na láithreáin ghréasáin thuas.
  • A chinntiú gur comhréireach seachas iomarcach an leibhéal teagmhála agus cumarsáide uathu, nó ó aon tríú páirtí a ghníomhaíonn ar a son
  • Fanacht ar a laghad 12 mhí sula ndéantar iarratas chuig na cúirteanna tús a chur le caingean dlí maidir le réadmhaoin a athshealbhú (ní bhíonn seo i gceist mura bhfuil an t-iasachtóir ag comhoibriú leis an iasachtaí).

Níor cheart d’iasachtóirí an méid a leanas a dhéanamh:

  • Tús a chur le breis agus 3 chumarsáid gan iarraidh le hiasachtaí, ar cibé bealach, i mí féilire, seachas comhfhreagras a cheanglaítear faoin CIRM nó faoi cheanglais reachtúla eile
  • Éileamh ar iasachtaí athrú ó mhorgáiste rianúcháin atá ann cheana chuig morgáiste de chineál eile, mar chuid de shocrú malartach a thairiscint don iasachtaí i riaráistí nó réamhriaráistí

Má bhraitheann tú gur theip ar d’iasachtóir morgáiste an CIRM a leanúint, agus má tá an próiseas achomhairc saothraithe agat, féadfaidh tú gearán a dhéanamh leis an Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais (ach féach ar an nóta thíos).

Nóta: ó 7 Feabhra 2013 i leith, ní féidir leis an Ombudsman um Sheirbhísí Airgeadais gearán a shaothrú i gcoinne Chorparáid na hÉireann um Réiteach Bainc (IBRC) gan toiliú na hArd-Chúirte.

D’fhoilsigh an Banc Ceannais leabhrán do thomhaltóirí 'Riaráistí Morgáiste – Treoir do Thomhaltóirí maidir le Déileáil le d’Iasachtóir’ (pdf)

D’fhoilsigh Ionaid Chomhairle Dlí Saor in Aisce (ICDSanna) treoir maidir leis an CIRM (pdf).

Cód um Chosaint Tomhaltóirí 2012

Baineann Cód um Chosaint Tomhaltóirí 2012 an Bhainc Cheannais le gníomhaíochtaí rialaithe aonán rialaithe a oibríonn sa Stát. (Mínítear na téarmaí seo sa chaibidil ‘Sainmhíniú’ den Chód.)

Áirítear leis an gCód ceanglais lena mbaineann a leagan amach conas ar cheart d’aonáin rialaithe déileáil le tomhaltóirí agus iad a láimhseáil atá i riaráistí ar réimse iasachtaí, lena n-áirítear cártaí creidmheasa, iasachtaí pearsanta agus morgáistí ceannaigh chun ligean. Ní bhaineann sé le morgáistí ar phríomháit chónaithe – cuimsítear seo sa Chód Iompair do Riaráistí Morgáiste amhail a shonraítear thuas.

Ceanglaíonn an Cód um Chosaint Tomhaltóirí ar iasachtóirí féachaint le cur chuige a chomhaontú a chabhróidh le tomhaltóir maidir le déileáil le fadhb riaráistí.

Foráiltear sa Chód, freisin, nach mór don iasachtóir:

  • Nósanna imeachta i scríbhinn a bheith i bhfeidhm maidir le riaráistí a láimhseáil agus chun faisnéis a chur ar fáil chun cabhrú leat maidir le déileáil le riaráistí
  • Sa chás go bhfanann do chuntas i riaráistí deich lá i ndiaidh gur eascair na riaráistí, chun dul i dteagmháil leat láithreach chun cúis na riaráistí a dheimhniú
  • A chinntiú gur comhréireach seachas iomarcach an leibhéal teagmhála agus cumarsáide uathu, nó ó aon tríú páirtí a ghníomhaíonn ar a son.

Níor cheart d’iasachtóirí an méid a leanas a dhéanamh:

  • Tús a chur le breis agus 3 chumarsáid gan iarraidh le hiasachtaí, ar cibé bealach, i mí féilire, seachas comhfhreagras a cheanglaítear faoin CIRM nó faoi cheanglais reachtúla eile. (Ní áirítear leis an teorainn seo gach glao nár freagraíodh ná uimhreacha gafa.)

Tháinig an Cód um Chosaint Tomhaltóirí 2012 in ionad an Bhunchóid um Chosaint Tomhaltóirí, á tháinig in éifeacht in 2007.

D’fhoilsigh an Banc Ceannais treoir do thomhaltóirí maidir leis an gCód um Chosaint Tomhaltóirí 2012 (pdf).

Iasachtaí ó údaráis áitiúla

Forálann Alt 11 d’Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1992 go bhféadfadh an t-údarás áitiúil a leithéid de shocruithe airgeadais a dhéanamh leat a mheasann siad a bheith cothrom cóir chun do chuid cúinsí ar leith a chur san áireamh. Ciallaíonn sé sin go bunúsach, má tá fadhbanna agat do chuid aisíocaíochtaí a íoc, gur chóir duit dul chuig d’údarás áitiúil féachaint an féidir leat socrú a dhéanamh le cabhrú leat íoc thar thréimhse níos faide nó na híocaíochtaí a athstruchtúrú ar bhealach éigin eile.

Eisíodh treoirlínte d’údaráis áitiúla (pdf) maidir le conas déileáil le cásanna dá samhail sin. Tá iad seo bunaithe ar an gCód Iompair maidir le Riaráistí Morgáiste de chuid an Bhainc Cheannais, a shonraítear thuas.

Forálann Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 2009 sa chás go bhfuil airgead gan íoc agat le húdarás áitiúil de bharr cíosa nó de bharr aisíocaíochtaí iasachta, agus go dtuigeann an t-údarás áitiúil go mbeifeá thíos le cruatan míchuí murach sin, féadfaidh siad socrú a dhéanamh leat go n-aisíocfaidh tú iad trí thráthchodanna. Tá feidhm ag an alt seo (Alt 34) i gcás socruithe maidir le haisíocaíochtaí iasachta ón 14 Meitheamh 2010 i leith ach níl feidhm aige maidir le cíos.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 16/05/2013