Má theastaíonn ón tiarna talún go bhfágfadh tú an chóiríocht
Eolas
Caitheann tiarnaí talún in Éirinn nósanna imeachta faoi leith a leanúint sula n–iarrtar ort cóiríocht ar cíos a fhágáil. Braitheann a éasca agus ar féidir do thiarna talún tú a dhíshealbhú ar an gcineál tionóntachta a bhíonn agat, agus ar an bhfad agus atá tú i do chónaí sa chóiríocht.
Cumhdaíonn an tAcht um Thionóntachtaí Cónaithe 2004 (pdf) mórchuid na dtionóntachtaí cónaithe príobháideacha. Ciallaíonn tionóntacht chónaithe phríobháideach tionóntacht a n-aontaítear uirthi go príobháideach idir tiarna talún agus tionónta. . Ní chumhdaíonn an reachtaíocht seo na tionóntaí a bhíonn ag íoc cíosa d'údarás áitiúil nó d'eagras tithíochta sóisialta (m.sh. eagras tithíochta deonaí, nó lóistín do mhic léinn á ligean ag institiúid aitheanta oideachasúil). Féach Riaráistí Cíosa Agus An Údarás Áitiúil i gcomhair tuilleadh faisnéise faoi chearta thionóntaí údarás áitiúil.
Má cháilíonn tú don Fhorlíonadh Cíosa, is dóichí go mbíonn tú ag íoc cíosa do thiarna talún príobháideach, ionas go mbeifeá cumhdaithe ag na rialacha seo.
Féadann roinnt suíomh a bheith ann mar a theastaíonn ón tiarna talún go bhfágfadh tionónta. Is féidir leat tuilleadh a léamh faoi na suímh seo faoi ‘Tionóntacht a fhoirceannadh thíos.
Rialacha
Foirceannadh tionóntachta
Caitheann do thiarna talún fógra a thabhairt duit i gcónaí nuair a iarrtar ort cóiríocht a fhágáil. Is féidir le tiarnaí talún a iarraidh ar thionóntaí maoin a fhágáil gan fáth a thabhairt i rith na chéad sé mhí de thionóntacht.
Féadann tiarnaí talún tionóntacht a fhoirceannadh a mhair idir sé mhí agus ceithre bliana (tionóntacht Chuid 4) sna cúinsí seo a leanas:
- I ndiaidh 31/2 bliana
- Mura gcomhallann an tionónta le hoibleagáidí na tionóntachta
- Mura bhfeileann an mhaoin d’éilimh an tionónta a thuilleadh (m.sh.plódú)
- Má theastaíonn an mhaoin ón tiarna talún dó nó di féin nó do gharbhall dá dteaghlach
- Má tá sé ar intinn ag an tiarna talún an mhaoin a dhíol
- Má tá sé ar intinn ag an tiarna talún an mhaoin a athchóiriú
- Má tá an tiarna talún ag pleanáil an leas gnó a bhaintear as an maoin a athrú (m.sh. a tiontú ina hoifigí).
Ba chóir duit a thabhairt faoi deara má dhíshealbhaíonn tiarna talún tú ar fháth faoi leith agus nach ndéanann siad de réir a mbriathair (m.sh. a dhul ina gcónaí inti é nó í féin), is féidir leatsa eisean nó ise a thuairisciú don Bhord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha (BTCP). Fiosróidh an BTCP d’éileamh agus glacfaidh tuilleadh gnímh de réir mar is cuí.
Fad an Fhógra
Braitheann fad an fhógra ar fhad na tionóntachta. Féadann tiarnaí talún fógra níos lú a thabhairt mura mbíonn na tionóntaí ag cloí lena n-oibleagáidí (28 lá) nó má bhíonn iompar tromchúiseach frithshóisialta ann (7 lá). Áirítear leis an iompar frithshóisialta foréigean, bagairtí nó imeaglú chomh maith le haon iompar seasmhach a chuireann isteach ar chomharsana.
Mura n-íocfá do chíos gheofá tú fógra scríofa ó do thiarna talún faoin méid aige ort. Mura mbeifeá an cíos íoctha agat 14 lá tar éis an fógra scríofa, b’fhéidir go mbeadh fógra foirceanta seirbheáilte.
Is féidir le tiarnaí talún agus tionóntaí aontú ar thréimhsí níos giorra ach ní féidir leo déanamh amhlaidh ach faoin am a chinneann siad an tionóntacht a chríochnú. Tá sé mídhleathach aontú ar thréimhse níos giorra ag tús na tionóntachta. Is féidir le tiarnaí talún agus tionóntaí aontú ar thréimhsí níos faide fógra, ach is é 70 lá an t-uasfhad nuair a mhair an tionóntacht ní ba lú ná sé mhí.
Fógra foirceanta
Má theastaíonn ó do thiarna talún go bhfágfaidh túní foláir dó fógra foirceanta a sheirbheáil ort. Chun is go mbeadh an fógra foirceanta bailíní foláir dó
- bheith i scríbhinn
- bheith sínithe ag an tiarna talún (nó gníomhaire údaraithe)
- an dáta foirceanta a shonrú
- an fáth don fhoirceannadh a chur in iúl (má mhair tionóntacht ar feadh ní ba mhó ná sé mhí)
- a chur in iúl nach mór aon saincheist leis an bhfógra a tharchur chuig an BTCP laistigh de 28 lá ó fháil an fhógra.
Is féidir an fógra a chur sa phost chugat, a thabhairt ar láimh chugat féin go pearsanta nó a fhágáil leat ag an láthair féin. Tá an BTCP tar éis sampla den bhfógra críochnaithe (pdf) a fhoilsiú, a fholaíonn na pointí seo go léir.
Díshealbhú mídhleathach
Má choinníonn do thiarna talún amach trí ghlas a chur faoin gcóiríocht nó má dhíshealbhaíonn go fisiciúil tú, d’fhéadfá tú a bheith in ann cur isteach ar thoghairm chun iallach a chur ar an tiarna talún tú a ligean ar ais sa mhaoin nó féadann tú iarratas a dhéanamh don BTCP déanamh amhlaidh ar do shonsa. Mar shamhail de sin, má ghearrann do thiarna talún an nasc uisce, an gás nó an leictreachas, is féidir leat caingean dlí a thabhairt chun an soláthar a athchur. Pé cás a bhíonn ann, is céim mhór í seo agus ba cheart duit comhairle agus cúnamh dlíthiúil a fháil sula dtéann tú ar aghaidh.
Ní féidir le do thiarna talún do shealúchas bhaint de d’árasán nó teach in uireasa ordú cúirte. Má tá do thiarna talún a dhul tú a thabhairt os comhair na cúirte, ba cheart duit comhairle faoi do shuíomh a fháil ó Threshold, Lárionad Eolais do Shaoránaigh nó ó dhlíodóir.
Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas
Threshold
An Bord um Thionóntachtaí Cónaithe Príobháideacha
Féach ar an suíomh
Teagmháil
Téigh i dteagmháil leis an Seirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (MABS) trí 0761 07 2000 (Luan go hAoine, 9rn go 8in). Téigh i dteagmháil leis an Seirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh trí 0761 07 4000 (Luan go hAoine, 9rn go 9in).



