Séanadh
Rinneadh gach iarracht lena chinntiú go bhfuil an fhaisnéis a chuirtear ar fáil ar shuíomh gréasáin keepingyourhome.ie cruinn agus suas chun dáta. Má thugann tú faoi deara go bhfuil botún ann, ná go bhfuil rud ar bith fágtha ar lár, abair linn faoi. Tá sé mar bheartas againn botúin a cheartú chomh luath agus atá an botún aimsithe. Tá an fhaisnéis a chuirtear ar fáil ar an suíomh seo de shaghas ginearálta agus seans nach gclúdódh sé cúinsí ar leith a bhaineann le duine áirithe. Má tá fiosrúchán agat faoi do theidlíocht áirithe ba chóir duit dul i dteagmháil leis an ngníomhaireacht a bhfuil sé faoina cúram.
Cuireann an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh agus an tSeirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (MABS) faisnéis ar infhaighteacht scéimeanna agus sheirbhísí ar fáil ach níl siad freagrach as an mbealach ina ndéantar na scéimeanna a reáchtáil agus a riaradh.
Cuireann cáipéisí ar an suíomh seo síos ar scéimeanna agus ar sheirbhísí ar bhealach atá chomh simplí agus is féidir. Seans go mbeidh saincheisteanna casta ó thaobh an dlí i gceist leis na seirbhísí agus scéimeanna seo agus nach gclúdóidh an cur síos simplí atá ann na saincheisteanna seo. Má tá comhairle dhlíthiúil nó ghairmiúil ag teastáil uait ba chóir duit dul i gcomhairle le duine a bhfuil na cáilíochtaí cuí aige nó aici.
Uaireanta tá naisc ag an suíomh seo chuig suímh sheachtracha nach bhfuil aon smacht ag an mBord um Fhaisnéis do Shaoránaigh ná ag an tSeirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (MABS) orthu agus nach bhfuil siad freagrach astu. Cuirtear naisc ar fáil ón suíomh seo chuig suímh eile ar mhaithe le chaoithiúlacht amháin. Ní chóir a ghlacadh leo mar dhroimscríbhinn ar ábhair ná ar chleachtais na suíomh gréasáin seachtrach seo.
Ní ghlacann an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh ná an tSeirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (MABS) ná an Stát ná a chuid seirbhíseach ná a chuid gníomhairí freagracht ar bith as an bhfaisnéis atá ar fáil ar an suíomh gréasáin faoi láthair a bheith cruinn, iomlán ná suas chun dáta. Ní thugann siad ráthaíocht, baránta, ná gealltanas ina thaobh agus ní ghlacann siad le dliteanas ar bith a eascraíonn as aon bhotún ná aon rud a bheith fágtha ar lár ón suíomh.
Ní ghlacann an Bord um Fhaisnéis do Shaoránaigh ná an tSeirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (MABS) freagracht as na haistriúcháín atá ar fáil ar an suíomh seo.
Féach ar an suíomh
Teagmháil
Téigh i dteagmháil leis an Seirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (MABS) trí 0761 07 2000 (Luan go hAoine, 9rn go 8in). Téigh i dteagmháil leis an Seirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh trí 0761 07 4000 (Luan go hAoine, 9rn go 9in).



