Ag láimhseáil fiacha
Eolas
Fiacha ag dul as smacht
Is fiacha atá i chuile chinéal creidmheas, mar sin, muna níocann tú i gcomhair chuile rud le hairgead tirim, tá fiacha ort. Ní bhíonn fadhb ann ach nuair nach bhfuil tú ábalta coinneáil suas le do chuid íocaíochtaí.
Nuair a thárlaíonn rud éigin nach raibh súil agat leis agus go mbíonn costas de bhreis ort, bhféidir nach mbeifeá ábalta do chuid íocaíochtaí a choinneáil suas nó fiú do ghnáth bhillí laethúla a íoc. Má tá gaol leat t'réis bháis nó má tá tú taréis scaradh le do pháírtí nó go bhfuil fadhb tinnis nó fadhb eile ag do chlann, b'fhéidir go mbraithfeá ro-trína chéile nó ro-náirithe chun teangmháil a dhéanamh le do chreidiúnaithe agus a rá leo go bhfuil fadhbanna agat íocaíochtaí a dhéanamh.
Go minic séard a thárlaíonn ina dhiadh seo ná:
- Go mbíonn tú ar gcúl le hiocaíochtaí agus litreacha ag teacht ó chreidiúnaithe.
- Ag fáil íocaíochtaí chun billí a íoc agus breith suas ar íocaíochtaí (tuilleadh fiacha).
- Ag íoc cibé creidiúnaí atá ag cur an méid is mó brú ort.
- Ag déanamh geallúintí méideanna mí-réasúnta a íoc (de bharr eagla nó náire)
- Geallúintí briste agus tuilleadh brú ó chreidiúnaithe
- Caigneas dlí.
Ag an bpointe seo bíonn go leor daoine chomh trína chéile mar gheall ar a gcuid fadhbanna nach bhfaigheann siad codladh na hoíche. Buaileann tinneas go leor daoine mar gheall ar an imní.
Mura bhfuil tú in ann an lámh in uachtar a fháil ar chúrsaí, tá sé an-tábhachtach cúnamh a fháil. Mura ndéileálann tú le d’fhiachais, d’fhéadfadh do theach a athshealbhú nó d’fhéadfadh go dtitfeá i bhféimheacht. Is féidir leis an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid cúnamh saor in aisce, neamhspleách agus faoi rún a thabhairt duit.
Seirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid
Is seirbhís rúnda agus saor in aisce í an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid (MABS) do dhaoine a bhfuil fadhbanna acu maidir le fiachas agus airgead a bhainistiú. Déanfaidh an comhairleoir airgid MABS an méid seo a leanas:
- Cabhrú leat déileáil le do chuid fiachais agus buiséad a dhéanamh
- D'ioncam a scrúdú lena chinntiú nach bhfuil aon chuid de do theidlíochtaí á scaoileadh tharat agat
- Teagmháil a dhéanamh le do chreidiúnaithe thar do cheann le tairiscintí maidir le híocaíocht mura bhfuil tú féin in ann é a dhéanamh
- Cabhrú leat cinneadh a dhéanamh maidir leis an mbealach is fearr leis na híocaíochtaí a dhéanamh.
D'fhorbair MABS agus Cónaidhm Bhaincéireachta na hÉireann (IBF) IBF/MABS Operational Protocol: Working Together to Manage Debt (pdf) chun cabhrú le daoine atá i bhfiacha plean inbhuanaithe i leith aisíocaíochtaí a chomhaontú lena n-iasachtóir agus an gá le haon chaingean dlí a sheachaint. Má chomhaontaítear plean aisíocaíochta, cuirfear aon chaingean dlí atá ann cheana féin ar fionraí a fhad is a leanann tú an plean aisíocaíochta comhaontaithe.
Tá an prótacal á leanúint ag na baill seo den IBF: Banc ACC, Banc AIB, Banc Angla-Éireannach, Banc na hÉireann, Banc na hAlban (Éire), Cumann Foirgníochta EBS, Banc KBC Éire, An Banc Éireannach Náisiúnta, Permanent TSB, Banc MBNA na hEorpa agus Banc Uladh. Oibríonn na hinstitiúidí creidmheasa seo le comhairleoirí airgid MABS chun cabhrú le custaiméirí aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna fiachais agus iad a bhainistiú.
Is féidir le MABS cabhrú leat plean inbhuanaithe i leith aisíocaíochtaí a chomhaontú le creidiúnaithe eile freisin.
Conas fiacha a láimhseáil tú féin
Bíonn formhór creidiúnaithe an-tuisceanach nuair atá a fhios acu go bhfuil fadhbanna agat. Muna dtéann aon duine i dteangmháil seo, ceapann siad gurb amhlaidh nár bhac tú na híocaíochtaí a íoc.
Cabhróidh na céimeanna seo a leanas leat
Déan amach buiséad iomlán (an méíd a chosnaíonn sé maireachtáil ar feadh bliana). Déan iarratas an t-áireamhán buiséid pearsanta MABS a úsáid.
Ba cheart chuile chostas maireachtála a bheith clúdaithe anseo, nó beidh tú ag tairiscint íocaíochtaí nach mbeidh ar do chumas a dhéanamh i gcónaí. Mar shampla, tá an geimhreadh níos daoire ná an samhradh (breis teasú, éadaí agus coisbheart níos daoire, Nollaig, srl.).
Ba cheart duit costaisí oideachais, sláinte, taistil, lorg poist, éadaí agus coisbheart a chur san áireamh agus é a bhriseadh síos go méid seachtainiúil.
Ní chaithfidh tú an méid seo chuile sheachtain ach tabharfaidh sé tuairim níos fearr duit céard atá ar do chumas a íoc. Bheadh íontas ar go leor daoine faoin gcostas a chuireann na bunrudaí seo ar chlann i rith tréimhse bliana.
Cuir do chostaisí in ord tábhacht.
Áit le fanacht, teas, solas agus bia iad na príomh-thosaíochtaí atá agat. Ina ndiaidh seo, caithfidh tú do chuid costaisí a liostáil in ord tábhachta. Ní mór duit a bheith ionraic leat féin faoi chostaisí mar toitíní, alcól srl. Breathnaigh céard iad na costaisí gur féidir leat a laghdú.
Déan teangmháil le do chreidiúnaithe.
Nuair atá buiséad déanta amach agat agus tú réasúnta cinnte de do chostaisí, déan amach liosta de do chreidiúnaithe agus cén méid atá ag dul agat dóibh. Labhair le na creidiúnaithe agus mínigh do dheacrachtaí. Inis dóibh go bhfuil creidiúnaithe eile agat agus go bhfuil tú ag iarraidh a bheith cóir leo ar fad.
Más fadhbanna sealadacha atá agat, tabhair tuairim éigin dod' chreidiúnaithe den am gur féidir leo a bheith ag súil le híocaíochtaí iomlána. Muna féidir leat a bheith cinnte cén uair a dtárlóidh sé seo, inis é sin dóibh.
Más fadhbanna fad-téarmacha atá agat, bí ionraic agus inis dod' chreidiúnaithe gur féidir nach mbeifeá ábalta iad a íoc ar ais go brách. Má tá ús dhá chur le d'fhiacha agus go gciallaíonn sé seo nach mbeidh tú go deo in ann iad a ghlanadh, iarr ar do chreidiúnaithe an t-ús a chur ar fionraí.
Céard a thárlóidh má thugann tú neamháird ar an bhfadhb
Is in olcas a rachaidh na fadhbanna muna ndéanann tú tada. Má fhaigheann tú litir dleathúil faoi fhiacha agus nach gcloiseann tú uathu arís ar feadh tamaill, ná glac leis go bhfuil dearmad déanta acu - níl an fhadhb chun imeacht ar an mbealach sin. Tá sé rí-thábhachtach go ndéanfá teangmháil le na creidiúnaithe nó le dlíodóir.
Tá roinnt seisiúin cúirte i gceist sa bpróiséas bailiúchán fiacha. Tabharfaidh an cúirt deis duit insint cén méid gur féidir leat a íoc - má thagann tú ann. Seachas sin, socróidh an breitheamh ar shuim seachtainiúil gan aon tuairim aige céard gur féidir leat a íoc. Má tá tú chun a bheith sa gcúirt, déan amach ráiteas airgeadais (ioncam, costaisí agus fiacha) agus fág isteach i dteach na cúirte don breitheamh é cupla lá roimh an cás a bheith sa gcúirt. Seol cóip chuig dlíodóir an chreidiúnaí chomh maith.
Forbhreathnú ar théarmaíocht agus nósanna imeachta a bhaineann le fiachas
Tá cineálacha éagsúla fiachais, lena n-áirítear morgáistí, iasachtaí, rótharraingtí, cártaí creidmheasa agus comhaontuithe fruilcheannaigh. Tá roinnt fiachais, mar shampla, morgáistí, 'urraithe' - ciallaíonn sé sin go n-úsáidtear earraí nó maoin, do theach de ghnáth, mar urrús sa chás nach n-íoctar an fiachas. Faigh tuilleadh eolais faoi na cineálacha fiachais agus téarmaíocht a bhaineann le fiachas inár ngluais téarmaí a bhaineann le fiachas.
Baineann rialacha agus nósanna imeachta ar leith le roinnt fiachas maidir leis an gcaoi a mbainistítear agus a mbailítear iad. Is fiachais iad seo den chuid is mó atá dlite don Stát nó comhlacht an Stáit. Tá rialacha agus nósanna imeachta ar leith ag cánacha, ró-íocaíochtaí leasa shóisialaigh, cíosanna údaráis áitiúla agus iasachtaí tithíochta, táillí dramhaíola, billí fóntais, ceadúnais teilifíse, ceadúnais mhadra agus muirear ar áit chónaithe phríobháideach neamhphríomha go háirithe. Faigh tuilleadh eolais faoi na rialacha maidir le fiachais ar leith.
Tá rialacha ann maidir le bailiú fiachas faoi reachtaíocht chreidmheasa tomhaltóirí chomh maith, lena n-áirítear rialacha maidir le príobháideachas, pointí teagmhála agus ciapadh agus imeaglú.
Mura ndéanann tú teagmháil le d'iasachtóir, tá gach cosúlacht ann go cuirfidh sé tús le himeachtaí dlíthiúla chun an fiachas a aisghabháil. Is féidir an cás a thógáil sa Chúirt Dúiche, sa Chúirt Chuarda nó san Ard-Chúirt, ag brath ar an méid airgid atá i gceist. Nuair a dhéantar breithiúnas sa chúirt ina leagtar amach an fiachas, is féidir an breithiúnas seo a chur i bhfeidhm ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear imeachtaí féimheachta i gcásanna tromchúiseacha. D’fhéadfadh go mbeadh iarmhairtí eile i gceist nuair atá tú i riaráiste ar aisíocaíochtaí fiachais chomh maith, mar shampla, d’fhéadfadh sé dul i bhfeidhm ar do ráta creidmheasa, rud a chiallódh go mbeadh sé deacair creidmheas a fháil sa todhchaí.
Pleananna maidir le nósanna imeachta i leith fiachais amach anseo
D'fhoilsigh an Coimisiún um Athchóiriú Dlí tuarascáil eatramhach maidir le Fiachas Pearsanta a Bhainistiú agus Fiachas a fhorghníomhú (pdf) mBealtaine 2010 agus tuarascáil deiridh (pdf) i mí na Nollag 2010. Cuimsíonn a chuid moltaí roinnt athruithe a d’fhéadfadh cur i bhfeidhm ar an dlí i dtaca le fiachas a fhorghníomhú.
Bunaíodh Grúpa Oibre Idir-Rannach um Bainistiú agus Fhorghníomhú Fiachais Phearsanta chun bearta iomchuí a phlé.
Athraíonn an tAcht umDlí Sibhialta (Forálacha Ilghnéitheacha) 2010 cuid e na rialacha mar gheall ar chursaí féimheachta. Forálann sé mar a leanas: an tréimhse féimheachta a laghdú ó 12 go 6 bliana, agus féimheacht a úrscaoileadh go huathoibríoch tar éis 20 bliain.
Molann Clár an Rialtais 2011 (pdf) an tSeirbhís Bhuiséadta agus Chomhairle Airgid a aistriú go gníomhaíocht riaracháin fiachais phearsanta.
D'fhoilsigh Comhchoiste an Oireachtais um Ghnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh tuarascáil dar teideal "Leibhéal Ard Fiachais i Sochaí na hÉireann".
Cuimsíonn an tAcht Fíneálacha 2010 foráil a cheadaíonn fíneálacha cúirte a bhailiú trí ghlacadóir ar bhealach comhchosúil le fiachas sibhialta. Níl an chuid seo den Acht Fíneálacha 2010 i bhfeidhm go fóill.
Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le d'oifig MABS áitiúil chun comhairle agus cúnamh a fháil.
Is féidir leat freisin glao a chur ar an Líne Chabhrach MABS: 1890 283 438 (Luan go hAoine idir 9rn agus 8in) nó ríomhphoist a sheol: helpline@mabs.ie.
Féach ar an suíomh
Teagmháil
Téigh i dteagmháil leis an Seirbhís Buiséadaithe agus Comhairle Airgid (MABS) trí 0761 07 2000 (Luan go hAoine, 9rn go 8in). Téigh i dteagmháil leis an Seirbhís Teileafóin Faisnéise do Shaoránaigh trí 0761 07 4000 (Luan go hAoine, 9rn go 9in).



